Tá Féile na Gealaí tagtha faoi dheireadh agus mothaím ar nós gur páiste arís mé ag fanacht le Daidí na Nollag.
Is é seo an chead fhéile cheoil den bhliain agamsa. Cuireann sé tús den scoth leis an samhradh agus tá sé iontach seanchairde a fheiceáil nach bhfaca mé ó bhí muid ag Oireachtas na Gaeilge.
Is breá liom freastal ar fhéilte ceoil go ginearálta. Bíonn tú saor agus fiáin agus is féidir leat dearmad a dhéanamh ar an ngnáthshaol atá agat, ar do chuid oibre agus ar na dualgais a bhíonn ort agus tú sa bhaile. Faigheann tú faoiseamh don deireadh seachtaine agus sos beag ón saol.
Tá rud éigin níos speisialta arís faoi Fhéile na Gealaí sa dóigh is go bhfuil an oiread sin grá ann. Bíonn aithne ag achan nduine ar a chéile agus is áit shábháilte í nach gá a bheith buartha faoi dhaoine ag briseadh isteach i do phuball le do chuid stuif ar fad a ghoid nó daoine a scaoileadh a múin ar d’áit chónaithe (tarlaíonn seo ag na mórfhéilte eile!).
Cé go bhfuil sé iontach, is féidir leis a bheith giota beag contúirteach leis. Tharla sé dhá bhliain ó shin go raibh an aimsir chomh maith sin gur bheag nach bhfuair muid ar fad bás. Ní raibh oiread is scamall amháin sa spéir agus bhí sé ar nós gur Dia féin a bhí ag séideadh orainn nuair a fuair muid séideán beag. Bhí póit mhillteanach ormsa, níor ól mé mórán uisce agus bhí mé chomh tinn sin gur chreid mé go raibh deireadh ag teacht le mo shaol beag gairid díreach ansin.
Mhair mé fríd, a bhuíochas mór le mo chara, an spéirbhean í féin, Edel Ní Bhraonáin agus a cuid icepops, agus seans go raibh mé cineáilín drámatúil fosta. Níl mé cinnte faoin ghiota sin, áfach.
Is mó seans i mbliana go mbeidh hipiteirme orainn ná rud ar bith eile. Is duine fíorchliste mé agus mar sin de, níor ghlac mé ach éadaí samhraidh liom – gúnaí agus sciortaí agus dhá phéire spéaclaí gréine.
Go bunúsach phacáil mé don aimsir a bhí uaim agus ní don aimsir a bheas againn.
Ach ag deireadh an lae, is cuma liomsa. Tá mé ar bís go mbeidh mé ann agus is cuma cé chomh maith nó olc is a bheas an aimsir, beidh am den scoth againn. Agus beidh buaicphointe mo shaol ann nuair a fheicim Clann Mhic Ruairí den chead uair riamh Dé Sathairn.
Muna bhfuil mé ar ais anseo an tseachtain seo chugainn, is dócha go bhfuair mé bás d’áthas!
Agus muna bhfuil tú in ann fanacht go dtí an tseachtain seo chugainn le fáil amach cad é mar a bhí an deireadh seachtaine, beidh mé beo ar Instagram NÓS don deireadh seachtaine ar fad!