Picnic Bhród na Gaillimhe agus imeachtaí eile

Téacsanna agus Traidisiúin Cholm Cille 

Mar chuid de chomóradh agus de cheiliúradh bliana ar bhreith Cholm Cille (c.521-597) 1500 bliain ó shin, díreoidh an taispeántas seo ar-líne ar raon téacsanna a bhaineann le Colm Cille atá i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann agus pléifidh sé na traidisiúin a bhaineann leo. 

Tuilleadh eolais ag Barbara library@ria.ie agus áirithintí ar Eventbrite.

Féile na Sléibhte 

Aoine 13 Lúnasa – Domhnach 15 Lúnasa 

Tá deireadh seachtaine lán go béal eagraithe i dtuaisceart na Gaillimhe. I nDúiche Sheoigheach beidh idir mhargaí, siúlóidí, cheol beo, agus neart imeachtaí eile ar fáil, ag tosú anocht @18:00 nuair a osclófar an fhéile in CDS Teo, agus siúlóid sa choill go díreach ina dhiaidh. 

Clár iomlán ar fáil ag anseo

Picnic Bhród na Gaillimhe

Satharn 14 Lúnasa @14:00 

Agus féile Bhród na Gaillimhe 2021 ag teacht chun deiridh, tá rogha mhór imeachtaí ar siúl an deireadh seachtaine seo. Ina measc beidh snámh san fharraige, seó madraí, agus painéil chainte, chomh maith le beidh Picnic Bród. Beidh ceol, cluichí, agus taispeántais shiamsúla ar fáil do chách. 

Tuilleadh eolais ar Facebook

Oíche Shóisialta Misneach 

Satharn 14 Lúnasa @20:00 

Tá i bhfad an iomarca ama imithe ón uair dheireanach a chonaic muid a chéile san fhíorshaol. Tiocfaidh baill Mhisneach le chéile in Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe don chraic, comhluadar agus caint. Tá fáilte roimh bhaill Mhisneach agus éinne a bhfuil suim acu in obair na heagraíochta a bheith ann! 

Imeacht ag Áras na nGael, 45 Sráid Dominick, Cathair na Gaillimhe.

Tuilleadh eolais ar Facebook.

Kíla: Camchuairt Iar-dhianghlasála 

Satharn 14 Lúnasa 

Agus os cionn bliana caite ag ceoltóirí gan cheolchoirmeacha ná féilte, tá lucht a leanta ar fud fad na tíre ag súil go mór leis an gcéad taispeántas eile. Beidh an banna clúiteach Kíla ar camchuairt timpeall na tíre sna seachtainí amach romhainn agus is i nDoire a bheidh an chéad stad eile acu, mar chuid d’fhéile Stendhal.

Ticéid ar fáil ar líne anseo.

SCÉALTA EILE