Tá go leor Gael fós ag teacht ar ais chucu féin i ndiaidh eachtraí Fhéile na Gealaí ach ní chuirfidh sé sin isteach orthu bheith ag ullmhú don, nó ag brionglóideach faoin, chéad fhéile eile!
Tosóidh ceann de na cruinnithe ceoil is mó ar domhan, Glastonbury i Somerset Shasana, amárach agus beidh tarraingt sa bhreis ag féile na bliana seo: pictiúrlann ghluaisteán taobh amuigh.
Ní bheidh ar na féilteoirí a gcarranna féin a thiomáint isteach áfach mar go mbeidh réimse gluisteán ón seanam ann le húsáid mar shuíocháin os comhair an scáileáin.
‘Cineramageddon’ atá baiste ar an láthair iar-apacailipteach a thaispeánfaidh scannáin, d’oíche, ar nós Withnail & I, American Graffiti, Easy Rider agus Apocalypse Now.
Le linn an lae beidh puball mór ann, an ‘Black Lamp Cinema’, ina mbeidh scannáin agus cláracha faisnéise ar taispeáint, saothar Francis Whatley faoi David Bowie agus Keith Richards – The Origin Of The Species san áireamh.
Tá ticéidí do Glastonbury, a chosain £243 an ceann, uilig díolta agus táthar ag súil le slua de 135,000 duine thar na cúig lá.