Pobal Gaeilge na Bruiséile i mbun ceiliúrtha athuair

Tionóladh Éigse na Bruiséile an deireadh seachtaine seo caite (16-18 Bealtaine). Seo é an tríú huair ó 2022 i leith a bhí an Éigse ann. Is maith an freastal a rinneadh ar na himeachtaí ar fad, idir ócáid na hoscailte in Ambasáid na hÉireann, an lá ceoil agus drámaíochta Dé Sathairn, agus lá na n-údar Dé Domhnaigh. 

Seoladh dhá leabhar an chéad oíche: Conamara agus Tíortha Eile le Diarmuid Johnson agus Éigse na Bruiséile (2022) arna chur in eagar ag Aogán Ó hIarlaithe i gcomhar le Cló Lováin. Is é Seaghan Mac an tSionnaigh a sheol leabhar na hÉigse, agus is é an t-údar é féin a sheol Conamara agus Tíortha Eile. Ag labhairt dó le NÓS is éard a dúirt Diarmuid Johnson: “Is iad na dánta Gaeilge is bunchloch don chnuasach seo, ach tá dánta ann i dteangacha eile, an Béarla agus an Fhraincis san áireamh.” Beidh an dá fhoilseachán le fáil ar shuíomh Leabhar Breac gan mhoill.

Creidmheas: Eilís Ní Anluain.

Cuireadh tús luath le himeachtaí an tSathairn agus idir óg agus aosta bailithe le chéile don seisiún ióga le Ciarán Mac Fhearghusa. Bunaitheoir Óga Yoga é Ciarán agus údar atá ag obair ar an gcéad leabhar eile sa tsraith do pháistí Diarmuid agus a Mhata Yoga Draíochta.

Seachas an chuairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge atá á gcoimeád i Leabharlann Ríoga na Beilge – ócáid atá ina traidisiún de chuid na hÉigse anois – is in Pianofabriek, ionad ealaíon snasta in Saint-Gilles i ndeisceart na cathrach, a reáchtáladh clár an lae.

Creidmheas: Eilís Ní Anluain.

Is é an comharghrúpa drámaíochta as Conamara, Gliogar, a bhí i lár báire sa tráthnóna agus a léiriú cumhachtach Ar An Dé Deiridh ar ardán. Seó aonair é an dráma seo a mheascann stair Chonnacht, an béaloideas agus miotaseolaíocht na Gréige le chéile go corraitheach cliste agus is mór an moladh a thuill an t-aisteoir, Caoimhghín Ó hEoghusa, agus an criú ar fad ón lucht féachana.

Is é an ceol a bhí i réim an chuid eile den lá agus beirt ghaiscíoch giotáir, John Tracey agus Neil Ó Briain, i láthair lena dtogra álainn físe agus fuaime Ar Foluain a sheoladh. Labhair NÓS le John agus Neil faoin tionscadal ar na mallaibh agus is féidir an t-agallamh sin a léamh anseo.

Bhí an teach lán go doras faoin am ar tháinig na ceoltóirí ar stáitse le haghaidh cheolchoirm mhór na hoíche agus is cinnte gurbh fhiú an fanacht.

Creidmheas: Eilís Ní Anluain.

Chuir an cruitire Úna Ní Fhlannagáin agus an t-amhránaí óg ar an sean-nós Liam Ó Ceallaigh an slua faoi gheasa sular mhúscail an fidléir Megan Nic Fhionnghaile agus an giotáraí Cillian Mac Cába as a mbruadar arís iad. Is í an t-amhránaí-scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Emma Ní Fhíoruisce, a chuir críoch leis an ghig, a glór binn ag baint macallaí as ballaí Saint-Gilles agus an oíche ag dul chun síneadh.

Beirt údar a bhí i láthair Dé Domhnaigh le leabhra dá gcuid a chur faoi bhráid na hÉigse. Aistriúchán dá chuid féin ar Petit Pays le Gaël Faye a bhí faoi chaibidil ag Antain Mac Lochlainn (Tír Bheag, Barzaz 2024), agus is ag léamh rogha dánta as an gcéad chnuasach filíochta dá cuid a bhí Aingeal Ní Chualáin (Dhá Scór Eala, CIC 2024). 

Is é John Woods a chuir Antain Mac Lochlainn faoi agallamh. Cúrsaí imirce is ábhar don leabhar Tír Bheag, agus is é an díothú a d’imir an cine Hútúch ar an gcine Tútsaí i Ruanda sna 90idí is cúlra dó. An dúchas agus an iasacht, an deoraíocht agus an choimhlint phearsanta – sin iad na téamaí atá in uachtar sa saothar. 

Filíocht íogair ionraic atá in Dhá Scór Eala le hAingeal Ní Chualáin. Tá dúchas Charna agus Chonamara go láidir iontu, agus is binn blasta a léigh an t-údar a saothar i gcomhair an lucht éisteachta. Is turas fileata ó Éirinn go dtí an mhór-roinn a bhí sa rogha dánta a léadh, agus más sa Róimh é, sa mBruiséil nó ar an bhfód dúchais, is dearcadh tuisceanach daonna atá le brath ar an leabhar.

Creidmheas: Eilís Ní Anluain.

Ag labhairt dó le NÓS is éard a dúirt Barra Ó Scannláin, ball den choiste: “Léiríonn an Éigse chomh flaithiúil atá pobal na Gaeilge sa Bhruiséil.” Dar leis go bhfuil fís ar leith ag an Éigse: “Deis a thabhairt do na Gaeil a gcultúr a cheiliúradh i gcéin.”

Is ar thábhacht na héagsúlachta a bhí a bhéim ag duine eile den choiste, Ciarán Ó Ceallaigh: “Litríocht ar ardchaighdeán agus rud don fhoghlaimeoir chomh maith.” Ghabh Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise seo agus an duine a chuir tús leis an Éigse trí bliana ó shin, buíochas mór le baill an choiste agus thréaslaigh a gcuid oibre leo.

Bhí cuid de cheoltóirí an tSathairn i láthair arís ar an lá deiridh le páirt a ghlacadh sa seisiún clabhsúir. Cuireadh ceol go frathacha sular scaip an comhluadar le contráth na hoíche. Táthar ag súil le hÉigse na Bruiséile 2026 agus Éigsí go leor eile as sin go ceann blianta fada.

SCÉALTA EILE