Pop Up ar muir ag ceithre imeacht eile

Liú Lúnasa, Béal Feirste; as seo go 26 Lúnasa ’18

Mar is eol don saol mór Gaelach, tá Liú Lúnasa faoi lánseol i mBéal Feirste! Ní rófhada go mbeidh mé sa chathair agus mé ag súil go mór le freastal ar imeachtaí cultúrtha agus ceolmhara na féile. I measc bhuaicphointí an deireadh seachtaine, tá plé painéil le triúr ban chróga, Réaltán Ní Leannáin, Lisa Nic an Bhreithimh agus Grian Ní Dháimhín – agus caint acu ar cad atá roimis mhná na tíre seo anois, idir dhúshláin agus chúiseanna ceiliúrtha. An ceoltóir breá agus ball d’fhoireann NÓS, Gráinne Holland a sheolfaidh an leabhar Muireann agus an Fharraige Fhiáin, le Malachy Doyle agus Andrew Whitson; agus beidh Dáithí agus Síomhá – beirt cheoltóirí, macasamhail Beyoncé, nach gá a sloinnte a thabhairt – a bheidh i mbun an cheoil sa Chearnóg in éineacht le hAbhainn Bheara. Tá gach eolas faoin bhféile le fáil ach an t-alt seo a léamh!

Masters of Tradition, Féile Cheoil, Beanntraí, Corcaigh, as seo go 26 Lúnasa ’18

Tá féile cheoil darb teideal ‘Masters of Tradition’ ar siúl ón gCéadaoin seo caite i gCorcaigh. Cé go bhfuil cúpla lá caite, ní shin le rá nach bhfuil scoth na n-imeachtaí fós le teacht. Mar tá! 

Is iad Cormac Begley agus an banna Navá a bheidh ar ardán Dé Sathairn do choirm an tráthnóna; beidh Martin Hayes agus an file David Whyte beirt le clos níos déanaí an oíche sin. Ar an Domhnach, beidh Martin i mbun cainte le Jeremy Irons, d’agallamh poiblí; agus tabharfaidh sé faoin stáitse in athuair, le Dennis Cahill agus a chairde an oíche sin chomh maith. Is fiú dul chomh fada le westcorkmusic.ie do na sonraí ar fad — níl ach cúpla ócáid luaite agamsa, tá scata eile beartaithe!

Baile an Salsa, Ionad Séamus Ennis, san Aill, BÁC; Dé Sathairn 25 Lúnasa @ 20:00

Gheallas tamall ó shin go meabhróinn daoibh faoi choirm an bhanna Baile an Salsa, nuair a bheidís arís i mBaile Átha Cliath — seo an meabhrú sin!

An t-ionad ná Ionad Séamus Ennis san Aill i dtuaisceart Átha Cliath. Is ann a bheidh an salsa-trad le clos Dé Sathairn óna hocht. Éist le cuid dá rianta óna n-albam reatha Ériú idir seo agus sinn chun sibh féin a ullmhú dá gcuid ceoil — táid speisialta!

The High Seas, Tábhairne Matt Molloy, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, Dé Domhnaigh 26 Lúnasa @ 18:00

Tá cúpla tigh tábhairne sa tír seo a bhfuil cáil an cheoil orthu, cáil an cheoil thraidisiúnta le bheith beacht. Cuirim i gcás The Cobblestone, An Droichead Beag (sa heyday!) agus tábhairne an cheoltóra Matt Molloy, i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Is ann a bheidh triúr an ghrúpa The High Seas an Domhnach beag seo. Triúr atá gnóthach a ndóthain ó thaobh an cheoil de, agus iad i nDroichead Átha díreach an deireadh seachtaine seo caite ag an bhFleadh Cheoil. Táim cinnte go mbeidh ceol agus amhráin ag Caitlín, Ciarán agus Cathal ón albam a d’eisigh siad ní rófhada ó shin — Go n-éirí leo!

Pop Up Gaeltacht, MV Cill Airne, Cé an Phort Thuaidh, Déardaoin 30 Lúnasa @ 20:00;

Pop Up Gaeltacht, Henchys, St. Luke’s Cross, Corcaigh, Dé hAoine 31 Lúnasa @ 20:00;

Níl deireadh go deo leis an Pop Up Gaeltacht — treise le lucht a eagraithe timpeall na tíre ar fad, agus níos faide i gcéin fiú! Tá ionad thar a bheith éagsúil ó na gnáthionaid aimsithe ag Osgur agus Peadar d’ócáid mhí Lúnasa. Is ar bord an MV Cill Airne a bheidh na Gaeil ag caitheamh siar agus ag comhrá lena chéile Déardaoin seo chugainn, ar Ché an Phort Thuaidh. Tá FOMO orm cheana féin nach féidir liom bheith i láthair don gceann sin.

Dé Aoine i gCorcaigh, is i dtábhairne Henchys a bheidh na Gaeil, ar thalamh tirim an babhta seo. Baileoidh siad le chéile ann óna hocht.

Ádh mór leis an dá ócáid!

SCÉALTA EILE