Ceiliúradh 21 Áras Éanna

Satharn 17 Iúil @20:00, Áras Éanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe
Tá ceolchoirm eagraithe ag lucht Áras Éanna in Inis Oírr le ceiliúradh a dhéanamh ar 21 bliain a bhunaithe. Beidh ceol beo le cloisteáil ón mbanna The Rainies. Bunaíodh an t-ionad Áras Éanna sa bhliain 2000 chun freastal ar ealaíontóirí idir amharc-ealaíontóirí, ealaíontóirí coincheapúla, cheoltóirí, taibheoirí agus aisteoirí. Cuireann Áras Éanna spás ar fáil do na healaíontóirí seo ó gach cearn den domhan teacht agus obair a dhéanamh agus a thaispeáint don saol mór chomh maith le féilte agus ceardlanna a chur ar siúl.
Craolfar an imeacht ar Facebook.
Pop Up Gaeltacht Baile Átha an Rí – san fhíorshaol!

Domhnach 18 Iúil @ 14:00, Páirc an Phobail, Baile Átha an Rí
Tá ceann de na hócáidí is iomraítí amuigh i saol na Gaeilge ag filleadh orainn san fhíorshaol arís! Beidh an Pop-Up ag tarlú arís i gcontae na Gaillimhe Dé Domhnaigh agus an deis ag Gael Bhleán Rí bualadh le daoine nua amuigh faoin spéir. Beidh an ócáid ar siúl ar Pháirc an Phobail sa bhaile in oirthear na Gaillimhe.
Fleadh Scannán na Gaillimhe

Máirt 20 Iúil – Domhnach 25 Iúil
Beidh rogha mhór scannán le feiceáil amuigh faoin aer, sa phictiúrlann, agus ar líne le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Tá roinnt scannán Gaeilge le bheith ann freisin, ina measc Foscadh le Seán Breathnach.
Liosta iomlán na scannán le feiceáil agus ticéid le ceannach ar shuíomh na féile.
Turas: An Gailearaí, Gaoth Dobhair

I rith na seachtaine
Tá Féile Ealaíon na Earagaile ar siúl faoi láthair i dTír Chonaill agus rogha mhór imeachtaí le freastal orthua ann. Tá sraith ‘Turas’ ag tarlú
ag cúpla ionad sa chontae agus léargas á thabhairt ar chultúr, stair agus ealaíona an cheantair. Tá an Gailearaí ar oscailt 3 lá in aghaidh na seachtaine don taispeántas.
Tuilleadh eolas anseo.
Comórtas Cum is Can

Spriocdháta 22 Iúil
A Cheoltóirí na n-Oileán! Tá comórtas amhranaíochta nuachumtha ann don dara bliain as a chéile, eagraithe ag Glór na nOileán i gcomhpháirtíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dírithe orthu siúd ar as na hoileáin ó dhúchas iad, tá seachtain fágtha le hiontráil a chur isteach.
Tuilleadh eolais ag pleanteangacnn@gmail.com