Pop Up na Nollag agus imeachtaí eile

Cormac Begley

Cormac Begley, Liam O’Connor agus Fiachna Ó Mongáin // Ionad Cultúrtha Dr. Uí Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine 13 Nollaig @ 20:00

Chuala le déanaí Cormac Begley agus Liam O’Connor ar chlár raidió Seán O’Rourke, ar RTÉ Radio One. Ba dheas an ceol a bhí acu! Murar chuala tú iad ar an wireless, bí ar an eolas go bhfuil deis iad a fheiscint os do chomhair amach anocht, agus iad ag seinnt i gCorcaigh. Ní leo féin a bheidh siad ach an oiread, mar go mbeidh fear Mhaigh Eo, an boscadóir Fiachna Ó Mongáin, leo.

Anuas ar sin tá cúpla imeacht eile beartaithe d’Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, áit a mbeidh siad, sna laethanta romhainn.

Is ar an Luan seo chugainn, an 16 Nollaig, a bheidh coirm cheoil na Nollag ar bun le daltaí ceoil na gceoltóirí Máighréad & Muireann Ní Luasaigh agus Conal Ó Gráda. Is iad daltaí ceoil le hAileen Ní Fhlannagáin a bheidh le clos ar an Satharn, an 21 Nollaig, don gceadal pianó.

Beithilín Beo Chluain Dolcáin

Beithilín Beo // Cluain Dolcáin, Dé Sathairn & Dé Domhnaigh 14 & 15 Nollaig @ 12:00

Beidh deis agaibh fíorainmhithe a fheiscint i gCluain Dolcáin an deireadh seachtaine seo, agus ról lárnach acu sa Bheithilín Beo a bhíonn ar bun ag lucht Áras Chrónáin an t-am seo bliana! Fíor-ainmhithe agus fíor-aisteoirí, agus scéal an linbh Íosa á léiriú acu le radharc ón mainséar.

Beidh spiorad na Nollag le braistint cinnte ag an ócáid seo a bheidh ar siúl faoi dhó ag an deireadh seachtaine – Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag a meán lae.

Seoladh an albaim Fad Saoil //Tigh Chualáin, Indreabhán, Dé Sathairn 14 Nollaig @ 20:00

Táim ag súil go mór le cluas éisteachta a thabhairt d’albam nua an cheoltóra Johnny Óg Connolly agus Cór Óige Chois Fharraige le clos ina theannta, mar aon le Bríd Treasa Ní Ghaoithín, Aisling & Luisne Ní Neachtain agus Pádraig Ó Dubhghaill. 

Liosta le háireamh! Fad Saoil an teideal atá air, cumtha ag Johnny Óg, bunaithe ar dhánta Joe Steve Uí Neachtain. Is i dTigh Chualáin in Indreabhán a sheolfar amárach é agus tá fearadh na fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo!

John Spillane agus aoi-cheoltóirí //

Campbell’s Tavern, Áth Cinn, An Ghaillimh Dé Sathairn 14 Nollaig @ 21:00;

Everyman, Corcaigh, Dé Domhnaigh 15 Nollaig @ 20:00

Tá airgead á bhailiú ag an gceoltóir John Spillane ar mhaithe le halbam nua! Treise leis, is breá liom a chuid amhránaíochta agus a stíl chumadóireachta, tá sé breá in ann idir mhagadh is dáiríre a láimhseáil go slachtmhar agus go paiteanta. 

100 Snow White Horses a bheidh á thabhairt aige air agus is féidir leat a bheith i measc na ndaoine a chinnteoidh go n-eiseofar é, ach an nasc seo a leanúint agus cúpla euro a chaitheamh chuige.

Tá cúpla gig aige an tseachtain seo, más spéis libh é a fheiscint – Áth Cinn (Campbell’s) i gCo. na Gaillimhe, áit a mbeidh sé lena bhanna, Lapwing Nation

Sin iad Pauline Scanlon, John Reynolds, Claire Kenny agus Graham Kearns. Amhráin ón albam nua a bheidh acu!

Beidh sé sa Everyman ina contae féin, Corcaigh chomh maith agus ceoltóirí éagsúla ina theannta ansin chomh maith!

Is é seo an 21ú bliain dó choirm a bheith aige san ionad seo, aimsir na Nollag. Ní haon jóc é!

Gach rath ar na hócáidí agus ar an bhfeachtas bailithe airgid!

Sna trithí. Áine Ní Bhreisleáin agus Eoghan Ó Loideáin ar an gclár ‘Bladhaire’ RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bladhaire agus Pop Up Gaeltacht // Piper’s Corner Déardaoin 19 Nollaig @ 15:00 (Bladhaire) agus 20:00 (Pop Up Gaeltacht)

cleas Donegal ag triail ar an Ardchathair! Sea beidh Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir an chláir Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a léiritheoir Damien Ó Dónaill ag tabhairt faoi thábhairne an Pipers Corner i mBaile Átha Cliath Déardaoin beag seo.

Beidh an clár á chraoladh beo acu le réimse leathan aíonna – ina measc, ceoltóirí iomráiteacha – leithéidí Mhuintir Glackin, fear an tí Seán Potts é féin, Paudie O’Connor agus tuilleadh nach iad. Tá fáilte roimh lucht féachana beo idir 3-5pm. I ndiaidh an chláir, sea a bheidh Pop Up Gaeltacht na Nollag ar bun ar an láthair céanna! Déanfaidh sé ana- thráthnóna ar Shráid Mhaoilbhríde!

SCÉALTA EILE