Pósadh Oscair, Fóid Móna agus Préataí

Phléigh mé garmhac Fhinn, Oscar, in alt eile san iris seo agus phléigh mé cúrsaí pósta agus bainise mar a bhí siad sa tseanam san alt is déanaí liom. Chun an dá alt udaí a tharraingt le chéile, ní heol dúinn cén mhí inar phós Oscar ach féadaim a rá go raibh mí-ádh ag gabháil le cóisir na bainise (seans go raibh Mí na Bealtaine ann).

Pléitear an bhainis seo i scéalta ar a dtugtar ‘Pósadh Oscair’ nó ‘Gadaíocht Inis Dubháin’ agus insíonn na scéalta seo faoi Oscar ag titim i ngrá, socrú na spré, titim amach ag an bhainis, agus réiteach na coimhlinte sin. Is scéal coitianta go leor é seo le seacht leagan de ‘Pósadh Oscair’ agus 54 leagan faoin teideal ‘Áireamh Muinntir Fhinn agus Dubháin’. 

Baineann an dara teideal (‘Gadaíocht Inis Dubháin’ nó ‘Áireamh Muinntir Fhinn’ agus Dubháin’) leis an chuid dheireanach den scéal ina bhfuil an réiteach agus lena ghabhann cluiche a bhí go maith coitianta, a luaigh Séamus Ó Grianna agus ar imrítí é le fóid móna agus préataí. Pillfidh muid air sin ag an deireadh.

Glacfaidh mé leagan den scéal mar a bhí ag Neidí Frainc Mac Grianna (gaol le Séamus agus athair an amhránaí chlúitigh, Gearóidín Neidí Frainc Bhreathnach) chun cruth ginearálta an scéil a thabhairt daoibh. Mínítear go raibh oileán ann uair amháin ar cuireadh Inis Dubháin air ach gur scuabadh an t-oileán ar shiúl le gaoth agus aimsir. Ach bhí sé ann in aimsir na bhFiann agus thit Oscar i ngrá le bean de bhunadh an oileáin. 

Mar a mhínigh mé san alt dheireanach, bhí nós ag fir thart fá chéad bliain ó shin a chairde a chur chuig teach na mná chun an cheist mhór a chur. Sa leagan seo den scéal, cuireann Oscar féin an ceiliúr pósta ar an bhean ach diúltaíonn sí dó, a rá go gcaithfidh a hathair an cinneadh a dhéanamh. Mar sin de, tá ar Oscar roinnt cairde a bhailiú agus an turas go teach a hathara a dhéanamh. Tá an t-athair sásta le hOscar mar chliamhain agus socraítear an spré agus lá an phósta.

Anois a thosaíonn an deacracht. Ar an oíche, tá 15 de na Fianna ann agus iarrann an bhrídeach orthu 15 d’fhir a hoileáin a ligint isteach chuig an chóisir. Tá na Fianna sásta go leor leis seo agus imíonn an bhrídeach chun iad a fháil. Tá craic agus greann ann ag an tús agus iad uilig ag ól lena chéile. Thart fá mheán oíche, seasann fear den oileán a bhí ina shuí in aice an dorais agus téann sé chun a ghoradh a dhéanamh ag an tine. Seasann Conán Maol (duine an-teasaí mar a mhínigh mé in alt eile) agus caitheann sé an duine seo isteach sa tine. Éiríonn an duine seo agus tarraingíonn sé Conán isteach sa tine leis. Léimeann Goll (deartháir le Conán) isteach chun cuidiú leis agus, go tobann, tá achan duine ag troid lena chéile.

Iarrann an bhrídeach bhocht, agus í ag iarraidh síocháin a chur ar bun, ar na fir uilig éisteacht léi. An plean atá aici ná go gcuirfidh sí na fir i gciorcal, go ndéarfaidh sí le gach fear sa teach cá háit le suí sa chiorcal, go dtosóidh sí ag cuntas, agus go mbeadh ar achan naoú fear imeacht ón teach. Leagann sí amach iad agus tosaíonn sí ag cuntas. Fear de bhunadh Inis Dubháin an chéad duine, agus an dara duine, agus an tríú duine… 

Tarlaíonn sé go mbíonn ar achan duine den oileán imeacht ach go raibh na Fianna uilig in ann fanacht. Ádh nó ealaín?

Mar a dúirt mé ag an tús, tá cluiche ann. An duine a d’aithris an scéal, chuireadh sé ceist ar na daoine i láthair (páistí ach go háirithe, is cosúil) an féidir leo seo a dhéanamh. Bhí nós ann fóid móna a úsáid le muintir an oileáin a léiriú agus préataí a úsáid leis na Fianna a léiriú. Tabharfaidh mé an freagra thíos; ná léigh níos faide ná seo más maith leat triail a bhaint as ar dtús.

Bhí rím ann chun cuidiú leis an scéalaí an freagra a thabhairt:

“Ceathrar fionn Fiann a tháinig chugainn ar dtús,
Is mór a meidhir agus a ngnúis;
Cúigear dhubha de dhubh an áil
Den lucht dearbha a chuaigh go Dubhán.

Dís ó mhac Cumhaill Laighin
Agus fear ó Dhubhán deas réidh;
Triúr ó Fhinn, deas a ndreach
Agus fear ó Dhubhán díbhirceach.

Ansin suíonn Fionn ina bhrú bhán
Ar a dheis, dís ó Dhubhán;
Dís eile ó mhuintir Fhinn dealfa.

Ina dhiaidh sin triúr ó Dhubhán deirc
Aonfhear fionn ina dhiaidh sin
Dhá laoch dhubha ina dháil
Dís ó Fhionn agus fear ó Dhubhán”

Mar sin de, tosaíonn sé le ceathrar de na Fianna ina suí le chéile agus cúigear ón oileán ansin. Ciallaíonn sin go n-imíonn an cúigiú duine de bhunadh an oileáin. Agus an ciorcal ag éirí níos lú, is duine ón oileán atá ag uimhir a naoi i gcónaí. An bhfuair tusa é? 

SCÉALTA EILE