Ranganna ar líne le Enda Reilly agus imeachtaí eile

Gaelainn do thuismitheoirí, Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, gach Céadaoin ón 7ú Deireadh Fómhair

An bhfuil cónaí ort i gCorca Dhuibhne agus an bhfuil tú ag tógaint do chlainne le Gaelainn? Bhuel, má tá, beidh spéis agat gach seans i seisiúin faoi leith atá á chur ar fáil ag Tobar Dhuibhne. Is í Róisín Ní Lúing Uí Shíthigh a bheidh i mbun na ranganna a chabhróidh le tuismitheoirí cur lena stór focal agus nathanna úsáideacha a fhoghlaim. Mairfidh an tsraith ar feadh ocht seachtaine agus níl aon chostas orthu. Le clárú, seol teachtaireacht chuig pleanteanga@cfcd.ie

Amhráin Ghaeilge – Ranganna ar-líne le hEnda Reilly, ag tosú ar an 14 Deireadh Fómhair

Ar mhaith leat cúpla amhrán as Gaeilge a fhoghlaim? Tá duine de na hamhránaithe is ansa liom ag cur ranganna ar-líne ar bun ina dtabharfaidh sé nodanna agus ina roinnfidh sé a chuid saineolais. Is é sin Enda Reilly, fear Thamhlachta atá anois ag cur faoi sna Stáit Aontaithe. Cuirfear tús leis na ranganna ar an 14 Deireadh Fómhair, ach ní mór suim a léiriú go luath, mar shamhlóinn go bhfuil tóir ar spásanna. Seol teachtaireacht chuig irishsongs@endareilly.com do na sonraí ar fad!

Ranganna amhránaíochta le Bláithín Mhic Cana, via Zoom, uair sa tseachtain ón 6 Deireadh Fómhair

Is í an t-amhránaí aitheanta as Ard Mhacha Theas, Bláithín Mhic Cana a bheidh i mbun ranganna amhránaíochta atá eagraithe ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus cuirfear tús leo go luath. Beidh na ranganna ar bun uair sa tseachtain, ar feadh ocht seachtaine ar fad. Tá cur amach maith ar Bhláithín agus a stíl amhránaíochta sean-nóis; ba í a thug an svae léi ag an Oireachtas anuraidh (Corn Mháire Ní Dhonnchadha), agus ag Sean-Nós na Fearsaide chomh maith, (Corn Uí Chriagáin). Is do dhaoine fásta atá na ranganna seo agus más spéis leatsa foghlaim uaithi, téir chuig an leathanach Eventbrite seo

Glór an Fhómhair, sraith de chuid Glór na nGael, ag tosú Dé Luain 5 Deireadh Fómhair

Táim ag súil go mór le mo chara álainn, Siún Ní Dhuinn a fheiscint agus sraith cainteanna á chur i láthair aici do Ghlór na nGael. ‘Glór an Fhómhair’ atá mar theideal ar na himeachtaí seo, ina labhraidh sí le daoine éagsúla le cúlraí difriúla, faoina n-ábhair spéise agus saineolais. Ina measc beidh siceolaí cliniciúil, láithreoir, fiontraí sóisialta agus tuismitheoir. Díreoidh mé bhur n-aird an tseachtain seo áfach, ar an gcaint a bheidh ar siúl Dé Luain seo chugainn. Is iad príomh theirpeoir Pieta House, Ríonach de hÓir Campbell agus Lorcan Fingleton, siceolaí atá ag obair le seirbhís mheabhairshláinte. Beidh tuilleadh eolais agam daoibh sna seachtainí romhainn, faoi na seisiúin eile! Gach eolas ó cabrini@glornangael.ie

SCÉALTA EILE