D’fhreastail ceithre scór duine ar Éigse na Bruiséile an deireadh seachtaine seo caite. Ina measc sin bhí cuid de Ghaeilgeoirí na Beilge, tuilleadh as Lucsamburg, mar aon le daoine a tháinig as Éirinn le bheith ar an láthair.
Is é an tOllamh Emeritus Mícheál Mac Craith a thug léacht na hÉigse an chéad oíche: an Deoraíocht i Lobháin: Ceárta agus Cliabhán na Saíochta Dúchais. Is in Ambasáid na hÉireann a tionóladh an ócáid sin, agus tar éis d’eagraí na hÉigse Tomaí Ó Congaile fáilte a chur roimh an gcomhluadar, dúirt an tAmbasadóir Kevin Conmy cúpla focal i nglanGhaeilge Luimní. Bhí ceol agus pléaráca i gclub na hÉigse tigh Sienda ina dhiaidh sin, áit ar chas Claire Nic Ruairí agus Seán Ó Gallchobhair scoth na n-amhrán le linn seisiún mór ceoil – istigh agus amuigh!
Cuairt ar Leabharlann Ríoga na Beilge an chéad mhír a bhí ar chlár an tSathairn. B’éigean an Éigse a roinnt ina dhá grúpa ionas go mbeadh deis ag cách lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú aois a fheiceáil, cuid de shaothar Mhíchíl Uí Chléirigh ina measc, duine de na Ceithre Máistrí. Labhair an Dr. Aogán Ó hIarlaithe go heolgaiseach léannta faoi thraidisiún na lámhscríbhinní agus faoin ábhar atá ar marthain iontu.
Ar an gcéad leabhar a cuireadh i láthair le linn an deireadh seachtaine, bhí Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar na Bliana, 2006). Foilsíodh an tríú heagrán den úrscéal staire sin i mbliana – teist mhaith ar an éileamh atá ar shaothar an údair. Áit sa Bheilg is ea Fontenoy, agus is ann a troideadh cath cothrom an ama seo, Bealtaine 1745, idir arm Shasana gona chomhghuaillithe agus arm na Fraince i bpáirt leis na Prúisigh. Throid reisimint Éireannach de shliocht na nGéabha Fiáine ar thaobh na Fraince, agus is iad a chuir an mhaidhm chatha ar shaighdiúirí Sheoirse II. Is é an t-údar Diarmuid Johnson a chuir leabhar Uí Chóil i láthair, agus chas sé Caoineadh Luimní ar an bhfliúit in ómós do na mairbh.
Auguste sa Chathair is ainm don dráma nua le Rua Breathnach ar cuireadh mír di os comhair na hÉigse. Is i ndilchuimhne ar Éabha Rosenstock a léiríodh an dráma. Scéal faoi imirceach bocht ón Afraic atá sa dráma, an éagóir agus an íde a d’fhulaing sé ar an mbóthar. Ba í Shanna Ní Rabhartaigh bean an tí. Bhí lán an tí i dteach tabhairne Au Bassin ag féachaint ar an dráma. In Au Bassin a bhí ceol na hÉigse le Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Frances Morton. Dúirt an Pléimeannach Raphaël de Cock amhráin thraidisiúnta i dtús na hoíche.
Pobal na Gaeilge – Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht is teideal don leabhar leis an Dr. Pádraig Ó Laighin a seoladh Dé Domhnaigh. Cló na nGael, Baile Átha Cliath a d’fhoilsigh. Is é an Dr. Seán Ó Riain a sheol an leabhar. Ba í Úna Ní Chonchubhair bean an tí. Bhí dlúthbhaint ag Pádraig Ó Laighin le feachtas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus is mór an chomaoin a chuir sé ar stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí. Chaith sé tamall de bhlianta i gCeanada.
Cuireadh críoch leis an deireadh seachtaine le seisiún breá ceoil a mhair sé uair an chloig sa cidrothèque Briotánach, Joran, i dtuaisceart na cathrach.
“Glacann lucht na hÉigse buíochas ó chroí leis na daoine ar fad a bhí páirteach,” arsa Tomaí Ó Conghaile. “D’éirigh go hiontach leis an chéad bhliain seo den fhéile nua agus beifear ag tnúth le hÉigse 2023 agus le comhluadar ildánach idirnáisiúnta ealaíonta arís. Go mbeirimid beo ag an am seo arís.”
Níl dabht ach gur cuid d’fhéilire na Gaeilge atá in Éigse na Bruiséile feasta. Tá eolas faoin Éigse ar an suíomh eigse.be.