‘Ré nua’ d’ealaíona béil na Gaeltachta agus cúrsa nua ar fáil i Má Nuad

Tá “ré nua” i ndán do taibhealaíona agus do thraidisiúin bhéil na Gaeltachta, dar le hOireachtas na Gaeilge, agus ‘comhpháirtíocht straitéiseach” bunaithe acu i gcomhar le Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Beidh sruth nua MA ar fáil san ollscoil ina gcuirfear “na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta” chun cinn.

“Céim cheannródaíoch” atá sa togra nua dar le Leas-Stiúrthóir an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha. 

“Céim cheannródaíoch chun cinn do na taibhealaíona is ea an sruth nua san MA Nua-Ghaeilge, Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge, atá bunaithe ag Ollscoil Mhá Nua. Fáiltímid roimh an ardú stádais a thabharfaidh sé do na taibhealaíona teangabhunaithe, ach go háirithe, agus roimh na deiseanna luachmhara a bheidh ar fáil do phobail cleachtais na dtaibhealaíon dá bharr. Is uchtach agus ardú meanman don Oireachtas a bheith rannpháirteach sna forbairtí atá á stiúradh ag an Ollamh Tríona Ní Shíocháin agus an Ollamh Fionntán de Brún,” a dúirt sí. 

Tá súil ag an Ollamh Ní Shíocháin go bhfaighidh na mic léinn a thabharfaidh faoin gcúrsa nua seo “taithí phraiticiúil an-luachmhar” agus go nglacfaidh siad “páirt ghníomhach sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta” le linn an chúrsa. 

“Tá an-lúcháir orainn an chomhpháirtíocht nua seo a bheith ar bun le hOireachtas na Gaeilge, atá ar cheann de na heagrais ealaíon is mó agus is tábhachtaí in Éirinn. Tá saineolas ag an Oireachtas ar gach gné de chultúr na n-ealaíon Gaeilge agus an riarachán a bhaineann leo; ar fhorbairt físe chun iad a chur chun cinn; agus chun pobal uile na Gaeilge a nascadh le chéile, a spreagadh agus a chothú,” a dúirt sí. 

Beidh seisiún eolais á reáchtáil ar líne faoin gcúrsa nua ag deireadh na míosa seo ar an 27 Bealtaine ag 19.00. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ach ríomhphost a chur chuig nua.gaeilge@mu.ie.

SCÉALTA EILE