Reic agus ceithre imeacht eile

Pop Up Gaeltacht, The Lord Kingsale, Cionn tSáile Dé hAoine 18 Eanáir @ 21:00

An bhfuil tamall ann ó fhreastailís ar Pop-Up Gaeltacht? An bhfuil gá agat le comhrá Gaeilge i suíomh sóisialta? Dé hAoine, beidh an deis sin agat i gCorcaigh nuair a bhaileoidh lucht labhartha na teanga le chéile i gCionn tSáile. Is óna 9pm a bheidh an teacht le chéile ar siúl i dtábhairne The Lord Kingsale, atá ar an bpríomhshráid. Bí ann nó bí cearnógach.

Cúrsa cumarsáide do leanaí, Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh 21 & 28 Eanáir; 4 Feabhra 

Ar mhaith leat a bheith i d’iriseoir amach anseo? Ar mhaith leat foghlaim conas agallamh a chur ar dhuine? Bhuel más i rang 5/6 atá tú (nó go deimhin do leanbh!), bí ar an eolas faoi shraith de cheardlanna a bheidh ar siúl go luath eagraithe ag Tús Maith. 

Is iad an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh agus Eva Corbett ó Chlár Techspace a bheidh ina mbun. Togra beag ina gcuirfidh na rannpháirtithe aithne ar a sinsear agus go mbeidh deis acu agallamh a chur orthu mar chuid den dtionscnamh. Mairfidh sé ar feadh trí seachtaine agus cuirfear tús leis Dé Máirt seo chugainn. Tá líon na n-áiteanna teoranta, mar sin ní chás teagmháil a dhéanamh go luath le hOrlaith ag an uimhir seo, le spás a chinntiú: 066 9156100.

Zoe Conway, John McIntyre; John Lee agus Séamus McGuire, Letterkenny Cultural Centre, Dún na nGall, Dé Máirt 22 Eanáir @ 20:00

Is faoi dhraíocht a bhíos féin, éisteoirí Raidió na Gaeltachta agus an dream a bhí bailithe sa Sugar Club Dé hAoine seo caite do Ghradaim Cheoil NÓS, nuair a thug Zoe Conway agus John McIntyre taispeántas ceolmhar uatha bunaithe ar shaothar Mháirtín Uí Dhireáin. Go deimhin tá saothar an fhile sin ar dhlúthdhiosca reatha na beirte, in éineacht leis an lánúin eile Éamon Doorley agus Julie Fowlis), ‘Allt’, atá ar fáil faoi láthair. Seans go mbeidh cuid de na rianta ón albam le clos i Leitir Ceanainn Dé Máirt nuair a bheidh an bheirt, mar aon le Séamus McGuire agus John Lee ag seinnt san ionad cultúrtha ar an mbaile sin. Gach rath orthu ar fad.

Kern agus Ré, Workman’s Club, Na Céanna, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin 23 Eanáir @ 20:00

Ná déanaíg dearúd go bhfuil Féile Cheoil Bharra an Teampaill ar siúl faoi láthair agus réimse leathan coirmeacha beartaithe don gceantar sin agus máguaird. Coirm amháin a mealladh mé agus mé ag féachaint ar an gclár, ná Ré agus Kern. Is sa Workman’s Club a bheidh an dá bhanna seo ceoil ag teacht le chéile Dé Céadaoin seo chugainn. Dár ndóigh, cífidh sibh liosta iomlán na gcoirmeacha, ceardlanna srl ag tradfest.ie – ach bí ar an eolas, tá na ticéid do chuid mhaith acu díolta cheana féin! Má tá sé sa cheann agaibh freastal ar ócáid faoi leith…. cuir ticéid in áirithe gan teip!

REIC, Club an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Déardaoin 24 Eanáir @ 19:00

Beidh an chéad REIC den bhliain nua ar bun an Déardaoin seo chugainn san Ardchathair. Deis í seo d’fhilí, scríbhneoirí, aithriseoirí agus srl a gcuid buanna cumadóireachta a léiriú i suíomh oscailte, cairdiúil. Oíche i stíl an mhic oscailte atá i gceist le REIC, atá ilteangach (ní gá gur as Gaeilge a bheadh do shaothar ach gan dabht fáilte romhat do chuid sa teanga sin a rá!). Is í bunaitheoir na n-oícheanta seo, Ciara Ní É, a bheidh mar bhean an tí, agus í ag cur na n-aíonna i láthair na ndaoine a bheidh bailithe i gClub an Chonartha. Más mian leat a bheith ar ardán, cuir scéala chuici reic.eire@gmail.com

SCÉALTA EILE