Seimineár Idirnáisiúnta: An tábhacht le dátheangachas sa ghnó
Aoine 28 Bealtaine @12:00
Tá scéim nua á bunú ag Glór na nGael chun aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Seolfar an scéim nua anocht i ndiaidh seimineár fíorúil lucht gnó a bhaineann úsáid rialta as an nGaeilge ina gcuid oibre. Is í Niamh de Búrca, príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, a bheidh ina cathaoirleach.
Seol ríomhphost chuig gradaim@glornangael.ie le ticéad a fháil.
REIC
Aoine 28 Bealtaine @18:00
Ta an oíche filíochta dátheangach, bunaithe ag Ciara Ní É, ag filleadh orainn anocht. Beidh an ócáid REIC seo ag tarlú ar líne mar chuid d’ Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliaith. In éindí le Ciara beidh beidh Roxanna Nic Liam, Tadhg Ó Grifín, Celia de Fréine agus Sorcha Fox.
Tá costas €5 ar thicéid agus is féidir iad a cheannach anseo.
Féasta Ceoil, Litríochta & Ealaíne
Aoine 28 Bealtaine @20:00
Tá beart mór siamsaíochta eagraithe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille dúinn anocht. Cloisfear sliocht as an leabhar Múscail, a Ghiorria á léamh ag an údar Eithne Ní Ghallachobhair, filíocht le Dubhán Ó Longáin, seoladh oifigiúil siopagaeilge.ie le Ray Mac Mánais, agus ceol le Ceoltóirí Theilinn.
Beidh an imeacht ag craoladh beo ar Facebook Oideas Gael.
Tráth na gCeist na Pobal Gaeilge 15
Aoine 28 Bealtaine @20:00
An bhfuil carn eolais bailithe agat le bliain anuas agus tú suite sa bhaile? Seo deis mhaith lena úsáid. Tá tráth na gceist eagraithe ag Pobal Gaeilge 15 agus beidh neart spraoi ann. Ní hamháin sin, ach beidh duaiseanna le baint amach ar an oíche.
Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig pobalnagaeilge15@cnag.ie leis an nasc a fháil.
Siamsaíocht Seisiún 5 – Scéal, Craic agus Ceol
Satharn 29 Bealtaine @ 21:00
Clár pobal ar an healaíona is ea Siamsaíocht Seisiún. Seo an cúigiú clár, agus i measc na n-aíonna amárach, beidh Liam Winnett, Mathew Curly, agus Jim Byrne.
Craolfar an t-eagrán is déanaí ar Athlone Community Radio ag meánlae agus arís ar YouTube ag 21.00.