Rianta na Míosa – Iúil

Tá oll-liosta ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin de cheol an tsamhraidh daoibh, agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhfómhar amárach. Tá 60 rian nua curtha aige le seinnliosta NÓS ar Spotify agus rogha leathan ceoil aige ó sheánraí éagsúla: rac, punc, house, snagcheol, ceol clasaiceach comhaimseartha agus go leor leor eile.

Tá a chluas caite ag Ben i bhfad i bhfad i gcéin, mar is dual dó, an mhí seo agus ceol aimsithe aige ó Sainsibeár,  Iamáice, Peiriú, Cúba, an Fhrainc, Mailí, an tSudáin, an Iodáil, Djibouti agus mórán áiteanna nach iad. I measc na nÉireannach atá le cloisteáil ar liosta na míosa, tá an banna Gaelach IMLÉ, Fontaines DC, Eomac agus MurLi.

Eisíodh roinnt mhaith albam nua an samhradh seo, agus tá rianta roghnaithe ag Ben ó shaothar úr Khruangbin, SAULT,  Amen Andrews, Captain Planet, U-I, Quaid, Al Wooton, Flip, Sven Wunder, Juliana Barwick, Silvia Tirozzi, Oumou Sangare, Mulatu Astatké, Future Beat Alliance agus Greg Foat.

Ar na ceoltóirí atá tar éis atheisiúint a dhéanamh ar sheanseoda tá Ranil Y Su Conjunto Tropical, Yabby You, Pedro Lima, PJ
Harvey, Lewis Flournoy, Slowdive, Global Communication agus Sharhabil
Ahmed.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify.

SCÉALTA EILE