Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.
Tá muid uilig sáinnithe sa teach ó dhubh go dubh ar na saolta seo agus tá méadú 25% ar líon na n-amhrán atá roghnaithe ag Ben dúinn an mhí seo! Mar sin suí siar agus éist le seinnliosta na míosa — ní fada go mbeimid go léir ag damhsa sna clubanna oíche arís.
Tá réimse leathan stíleanna ar liosta na Márta — idir UKG, ceol leictreonach, house, dioscó, snagcheol agus seánraí eile nach iad.
Ar ndóigh, tá ceol nua as ár tírín bheag féin, chomh maith le ceol as an Airgintín, Camarún, an Iodáil, an Tuirc, an Ghearmáin, Sasana agus na Stáit Aontaithe.
Tá leagan úr de ‘Original Nuttah’ le Shy Fox déanta ag Magical Drum Orchestra agus seoid de chuid The Cure, ‘A Forest’, athshamhlaithe ag Alma Noto.
I measc an cheoil úir atá ar liosta na míosa, tá rianta úrnua ó Juana Molina, Blackdown, DJ Swagger, Floating Points, Greg Foat, The Colours that Rise, Matt Elliot agus go leor leor eile.
Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!