Tá mí eile imithe tharainn agus ceol den chéad scoth eisithe agus atheisithe le ceithre seachtaine anuas. Chaith ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin cluas ghéar éisteachta ar na haerthonnta an mhí seo caite agus tá liosta de na 28 rian is mó a thaitin leis curtha le chéile aige dúinn.
Tá ceol func domhanda, indie, hip-hap, drill, leictreo, reigé, dioscó, house, dorcheol, agus snagcheol le cloisteáil ar liosta na míosa seo agus go leor leor ann ó cheoltóirí Éireannacha.
I measc na nÉireannach a chloisfidh tú ar ár leathanach Spotify an mhí seo tá Dál Araí as Béal Feirste, Kojaque agus Cello Bhaile Átha Cliath, Altered Hours as Corcaigh, agus Kettama na Gaillimhe.
Tá ceol nua ann ó J-SHadow, Little Simz & Cleo Sol, Arp Frique & Mariseya, Silas Short, Derya Yildirim & Grup Simsek, Andrés, Mois, Gensi, agus eile.
D’eisigh Los Piranas, Kings of Convenience, Loraine James, Trinity Carbon agus Daniel Avery albaim nua le mí anuas agus tá na rianta is fearr atá orthu sin le cloisteáil ar liosta na míosa.
Ar deireadh ar fad, d’atheisigh leithéidí Primal Scream, Sun Ra, Squarepusher, Dj Ralk, Asha Puthli, Mario Rui silva, agus Japanese Telecom seanseoda dá gcuid arís agus tá plúr na n-atheisiúintí sin roghnaithe ag Ben dúinn.
Ná déan dearmad NÓS a leanúint ar Spotify!