Richie Conroy ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in DCU

Tá an t-údar Richie Conroy, as Cill Dara, ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don bhliain 2021. Tiocfaidh Richie i gcomharbacht ar Chiara Ní É, a bhí sa ról le linn na bliana seo.

Is úrscéalaí, gearrscéalaí agus scríbhneoir scripte é Richie. Foilsíodh a leabhar Dialann Emily Porter: An Jailtacht in 2018 agus bhuaigh an dara leabhar sa tsraith sin duais ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2020. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid sa leabhar Saibhreas agus sna hirisí Comhar agus Feasta.

Tá Richie ina scríbhneoir le 15 bliain anuas agus go leor oibre déanta aige i saol an Bhéarla freisin, i réimse na teilifíse agus na scannán den chuid is mó. Tá sé ag obair ar leagan scannán dá leabhar Gaeilge Dialann Emily Porter i láthair na huaire.

SCÉALTA EILE