Rónán Beo agus imeachtaí eile an Oireachtais

 

Seoladh Fhéile na Gealaí 2019, Ardán an Aonaigh, INEC, Dé hAoine 2 Samhain @ 13:00

Tá Féile na Gealaí na bliana seo fós i mo chuimhne. Bhí deireadh seachtaine den scoth agam féin agus cairde i Ráth Chairn Glas na Mí an samhradh seo caite. Táim ag súil go mór le hócáid na bliana seo chugainn a bheidh ar siúl ón 14-16 Meitheamh, agus a sheolfar go hoifigiúil ar Ardán an Aonaigh inniu. Bean na háite, an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh a dhéanfaidh amhlaidh! Gealltar go mbeidh craic, ceol agus aíonna speisialta ag ócáid an tseolta! Cífidh mé ann sibh!

Rónán Beo @ 3, Fáiltiú Óstán Gleneagle, Dé hAoine 2 Samhain @ 15:00

Bíonn scata imeachtaí ar siúl le linn an Oireachtais. Buaicphointí formhór acu! Ceann acu, dom féin go pearsanta, ná clár Rónáin Mhic Aodha Bhuí tráthnóna. Cuma más ag taistil atá tú agus ag éisteacht sa chairt, nó bailithe timpeall air i bhfáiltiú an Gleneagle, bíonn sult le baint i gcónaí as an gcraoladh seo. Tá bua thar na bearta ag Rónán, agus é breá in ann labhairt le héinne agus iad a chur ar a gcompord. Tá taithí na mblianta aige agus aithne na mblianta chomh maith ar na Gaeil a bheidh mórthimpeall air tráthnóna i gCill Airne. Idir cheoltóirí agus chainteoirí, beidh spraoi le baint as a bheith ag éisteacht leis an gcraic ar fad, dhá uair a chloig de shárchraoltóireacht amach romhainn, gan trácht ar an gceol, agallaimh agus comórtais chomh maith!

SEOLTAÍ

‘Sé Mo Laoch: Sarah Ghriallais’, seoladh an chláir, Dé hAoine 2 Samhain @ 17:00

‘An Tobar Séimh’, seoladh an dlúthdhiosca, Dé hAoine 2 Samhain @ 17:00

Bíonn seoltaí go leor ar siúl aimsir an Oireachtais — leabhair, féilte, cláracha — mar díreach cúpla sampla. Dhá sheoladh a mheall mo shúil ar chlár na féile ná clár teilifíse Sé Mo Laoch agus seoladh dhlúthdhiosca Chárthach Mhic Craith.

Sarah Ghriallais ábhar eagrán sa tsraith ‘Sé Mo Laoch’, atá curtha le chéile ag an gcomhlacht Aniar TV. Buaiteoir Chorn Uí Riada na bliana 1984 í Sarah agus an traidisiún amhránaíochta go smior inti féin agus a muintir; go deimhin thug a mac féin, Micheál Ó Confhaola an corn céanna leis faoi dhó. Táim ag súil leis an gclár a fheiscint.

An Tobar Séimh teideal dhlúthdhiosca Chárthach Mhic Craith, an chéad albaim aonair atá eisithe ag an gceoltóir aitheanta seo, a bhfuil a ainm in airde le fada. Tá ceithre amhrán déag ar an CD agus formhór acu tagtha ó Rinn Ó gCuanach i gceantar na nDéise, a bhaile féin.

Comórtas Sean-Nós na bhFear, Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle, Dé hAoine 2 Samhain @ 19:00

Is í Sláine Ní Chathalláin a bheidh taobh thiar den mhaidhc dearg anocht do Chomórtas na bhFear, ní hamháin d’éisteoirí dílse RnaG ach mar bhean an tí dóibh siúd a bheidh i láthair i Seomra Mangerton don gcomórtas amhránaíochta. Más buan mo chuimhne, ba é Conchubhar Ó Luasa a thug leis an svae anuraidh agus Corn Uí Riada chomh maith ina ghlaic roimh dheireadh na Féile! An mbeidh an t-ádh céanna ar bhuaiteoir na bliana seo? Cífimid, nuair a bhronnfar an t-aitheantas agus an corn tráthnóna! Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí, moltóirí agus lucht a’ fhreastail!

Cóisir na Mac Léinn, Ballroom, Óstán Ghleneagle, Dé hAoine 2 Samhain @ 21:30

Ní stíl an tsean-nóis amháin a bheidh le clos ag an Oireachtas i mbliana. Níl aon dabht faoi sin, mar go mbeidh geabairí Gaelacha Kneecap ag rapáil ó thalamh anocht. Tá go leor cainte ar na meáin shóisialta faoin sesh seo ó d’fhógair an triúr cúpla seachtain ó shin é. Bhíodar ag soláthar na dtiúineanna do scata de mhic léinn na tíre níos luaithe i mbliana agus iad ag seinnt do Chumann Gaelach Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus dóibh siúd atá ag freastal ar Choláiste na Tríonóide chomh maith. Gach seans go mbeidh an lucht leanúna sin móide go leor eile ag líonadh an Ballroom anocht do Chóisir na Mac Léinn, áit a gcloisfear liricí dána, cliste, cumasacha, ceolmhara uatha. Ní leo féin a bheidh siad ach an oiread, mar go mbeidh Emma Ní Fhíoruisce agus Scannal ag seinnt chomh maith!

SCÉALTA EILE