Féile Ceol Tíre agus Bluegrass, Cathair na Mart, 8-10 Meitheamh 2018
Is ar seánraí faoi leith ceoil a bheidh muintir Mhaigh Eo ag díriú an deireadh seachtaine seo romhainn, nuair a bheidh an Fhéile Ceol Tíre agus Bluegrass ar bun i gCathair na Mart! Seo an 12ú bliain dona leithéid d’ócáid a bheith ar siúl sa bhaile agus fás is forbairt thar na bearta tagtha ar chlár na n-ócáidí le himeacht ama. Is coiste beag deonach atá ag plé leis, agus creidiúint ag dul dóibh. Tá ceardlanna, seisiúin agus ceolchoirmeacha eagraithe acu thar imeacht trí lá agus i measc na gceoltóirí a bheidh ag tabhairt a n-aghaidh ar iarthar na tíre, beidh Daoirí Farrell, Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh in éineacht le Dave Clancy, The Brendan Butler Trio agus scata Éireannach eile. Ná glac uaimse é, téir chomh fada le westportfolkbluegrass.com chun na sonraí ar fad a fheiscint duit féin.
Rónán Ó Conghaile, an Góilín, Club na Múinteoirí, Dé hAoine, 8 Meitheamh @ 21:00
Is i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath a bhíonn an Góilín ar siúl. Is éard atá i gceist leis, ná club amhránaíochta a bhíonn ar siúl beagnach na haon Aoine, nuair a bhailíonn idir amhránaithe agus lucht éisteachta le chéile chun an tráthnóna a chaitheamh i dteannta a chéile. Bíonn aoi-amhránaithe ar cuairt acu ó am go ham, mar a bheidh an Aoine bheag seo. Is é Rónán Ó Conghaile, fear óg a bhfuil an traidisiún go láidir ann, a bheidh ina aoi speisialta. Is as Conamara do Rónán, agus dúil mhór aige ní hamháin san amhránaíocht ach sa rince chomh maith. Tá gach seans go n-aithneoidh tú é ó imeachtaí an Oireachtais, nó go deimhin ón gclár teilifíse a lean é agus é ag ullmhú dos na comórtais, Cúlstáitse, a craoladh ar TG4 anuraidh.
Turas Gaeltachta Mhúscraí, Dé Sathairn, 9 Meitheamh @ 11:00
Beidh deis agat turas a fháil timpeall ar Ghaeltacht Mhúscraí an deireadh seachtaine seo, ag ócáid atá á heagrú ag Dáil na Mumhan de chuid Chonradh na Gaeilge. Is ar an Satharn ag a haon déag a chlog ar maidin a bheidh bus ag fágaint, a thabharfaidh daoine timpeall chuig cuid des na seoid atá sa cheantar sin; ina measc an Toy Soldier Factory i gCill na Martra, Guagán Barra (agus iontais na háite sin), mar aon le tigh tábhairne Barr a’ Chuma, a bhfuil an oiread sin cáile air faoi láthair go raibh Ed Sheeran féin ag trácht air ar an gclár The Late Late Show le déanaí! Is féidir clárú agus féachaint ar chlár an lae ag an leathanach seo!
Scullion, Ionad Séamus Ennis, an Aill, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 9 Meitheamh @ 20:00
Tá deis iontach agat triúr an bhanna ceoil Scullion a chlos an deireadh seachtaine seo! Sea, is in Ionad Séamus Ennis san Aill a bheidh siad Dé Sathairn óna hocht a chlog. Is ann a bheidh Philip King, Sonny Condell agus Robbie Overson agus amhráin aitheanta an bhanna á gcanadh acu. Tá scoth na gcoirmeacha ag teacht aníos ar an láthair chéanna san míonna romhainn. Salsa-Trad an cur síos a bhíonn ag an mbanna Baile an Salsa ar a gcuid ceoil. Is minic a bhíonn siad le clos ar Raidió na Gaeltachta agus seans maith más éisteoir dílis an stáisiún thú, go bhfuil leagan álainn an ghrúpa den amhrán Mo Ghile Mear cloiste agaibh – tá sé speisialta! Ar aon NÓS, beidh siad le feiscint i mí Lúnasa i dTuaisceart Átha Cliath. Tuilleadh faoi sin, sna seachtainí romhainn…
Féastaí Sráide, bailte éagsúla timpeall na tíre, Dé Domhnaigh, 10 Meitheamh
Mar thoradh ar thionscnamh de chuid Oireachtas na Gaeilge, tá Féastaí Sráide á n-eagrú i mbailte mórthimpeall na tíre seo, don nDomhnach seo ag teacht. Deis atá sna féastaí seo do phobail éagsúla teacht le chéile, le haithne níos fearr a chur ar a chéile, ag ócáidí taitneamhacha, pléisiúrtha. Tá na hócáidí seo in oiriúint do gach saghas duine ó thaobh aoise de, idir óg agus aosta. Léireofar spiorad an phobail ag na Féastaí seo. Le bheith i láthair beir leat roinnt bídh. Tá liosta na mbailte go léir a mbeidh a leithéid ag tarlú iontu le fáil ar an leathanach facebook seo!