Níl am níos fóirsteanaí ná deireadh seachtaine fada na Samhna leis na cuirtíní a tharraingt, na soilse a mhúchadh, tine a chur síos agus scéinséir scanrúil a chur ar siúl. Le cuidiú linn scannán maith a roghnú, chaith Conor Kennedy-Burke, saineolaí ar sheánra na scannán scéinséara, súil siar 100 bliain ar na scannáin is fearr agus is mó uafáis.
1920í – Nosferatu
Tháinig saothair éagsúla a bhí faoi anáil Dracula chun cinn sna 20í, agus bhí Nosferatu, stiúrtha ag F.W. Murnau, ar an chuid is fearr acu. Scéinséir íocónach, drochthuarach é atá ar cheann de na scannáin is ceannródaí i stair an tseánra.
1930í – Bride Of Frankenstein
Ré iontach a bhí sna 30í do na scannáin ghotacha. Ar na cinn ab fhearr ón tréimhse tá scéinséir James Whale, Bride Of Frankenstein. Tá sé go hiontach ó thaobh teicniúil de agus níl a aois le haithint ar an scannán uafáis ait seo.
1940í – The Wolf Man
Ba ré órga í na 40í do scéinséirí. Bhí Dracula i réim sna 20í, ach scór bliain ina dhiaidh sin is iad na con-riochtaí (werewolves) a bhí chun tosaigh. Tharraing Curt Soodamak ar thobar scéalta miotaseolaíochta faoi chon-riochtaí le ceann de mhórshaothair Universal Studios, The Wolf Man, a chruthú. Más maith leat scannáin arrachta (monster movies), taitneoidh an chlasaic seo leat.
1950í – The Creature from the Black Lagoon
Bhí baol an bhuama adamhaigh ina ábhar mór buairimh sna 50í agus chuaigh sé i bhfeidhm ar na scéinséirí a rinneadh an t-am sin. Bhí an cine daonna aontaithe sna scannáin agus iad ag troid i gcoinne neachanna neamhshaolta, ollphéisteanna agus fathaigh shóite (mutant giants). Rinneadh cuid mhór scannán den scoth sa ré seo: Godzilla, Them!, Attack of the 50 Foot Woman, The Fly agus The Incredible Shrinking Man, ach tá The Creature from the Black Lagoon, scannán 3D faoi neach ar meascán d’ollphéist agus de dhuine é eisceachtúil. Sárscannán arrachta atá ann, an ceann is fearr acu riamh i bhfírinne.
1960í – Pyscho
Is é seo an chéad scannán ina raibh babhla leithris le feiceáil ar an scaileán agus ina ndearnadh ar shiúl le duine de na príomhcharachtair ag tús an aicsin. Sa scéinséir síceolaíochta seo de chuid Alfred Hitchcock rinneadh neamhaird de na nósanna scannánaíochta a tháinig roimhe. Is minic é ar liosta na scannán is fearr a rinneadh riamh, in aon seánra. Cuirfidh sé eagla do chraicinn ort!
1970í – Black Christmas
Nuair a seoladh The Exorcist an chéad lá, thuill sé clú agus cáil mar go raibh daoine ar fud an domhain sa lucht féachana ag titim i laige sna pictiúrlanna. Beart bolscaireachta den scoth a bhí ann, ach is cosúil nárbh iad na púcaí scanrúla a chuir daoine as alt ach na seatanna gar-amhairc ar an instealladh. Tá scannán William Friedkin feicthe ag cuid mhór daoine, mar sin do ré na 70í, tá mé chun Black Christmas a roghnú mar gur imir sé tionchar mór ar an mhórscannán Halloween agus gurb é an chéad scannán sléachta riamh é.
1980í – The Thing
Ní raibh aon easpa ábhair mhaith ann sna 80í óir is le linn na tréimhse sin a tháinig The Shining, A Nightmare on Elm Street, Poltergeist agus The Thing chun cinn. Clasaicí atá iontu uilig agus thuill siad ardmheas ar an seánra go ginearálta. Tá The Thing ar cheann de na scéinséirí is fearr ón ré seo mar gheall ar na héifeachtaí speisialta a sheasann an fód go fóill sa lá atá inniu ann. Dúirt Tarantino le déanaí gur spreagadh mór a bhí sa scannán céanna nuair a bhí Hateful 8 á dhéanamh aige.
1990í – Scream
Ó thaobh stíle de, tháinig rudaí nua chun cinn sna 90í. D’éirigh go hiontach, mar shampla, leis an scéinséir féintagartha Scream a rinne scigaithris ar scannáin scanrúla a tháinig roimhe. Bhí éagsúlacht le brath i scannán Daniel Myrick agus Eduardo Sánchez, The Blair Witch Project, chomh maith, a raibh cur chuige faisnéisiúil aige. I bhfírinne, seo am iontach le súil siar a chaitheamh air mar ní fada go mbeidh Blair Witch, an scannán leantach, le feiceáil sna pictiúrlanna in Éirinn.
2000í – The Strangers
Ritheadh amach as smaointe nua ag tús na mílaoise agus caitheadh an tréimhse deich mbliana úd i mbun scéinséirí a bhí ann roimhe a athchruthú. D’éirigh go hiontach le The Strangers faitíos an domhain a chur ar an lucht féachana, a fágadh ina stangadh, gan de neart iontu ach breathnú ar an uafás a bhí ag titim amach, radharc ar radharc. Níl a fhios ag mórán é seo, ach tá sé bunaithe ar fhíorscéal!
2010í – The Cabin in the Woods
Sárscéinséir féintagartha ó 2011 é seo, stiúrtha ag Drew Goddard agus léirithe agus scríofa ag Joss Whedon, an fear céanna a scríobh Buffy the Vampire Slayer agus Angel. Is é duine de na déithe is mó é sa seánra i láthair na huaire. Ní gá níos mó a rá!