Labhair NÓS le Donncha Ó hÉallaithe faoi Fhéile na Réabhlóide atá ar siúl i gConamara ag deireadh na míosa!
Taispeánfar 23 scannán a bhaineann leis an éirí amach in Éirinn agus le réabhlóidí ar fud na cruinne ag Féile Scannán na Réabhlóide i nGaeltacht Chonamara thar dheireadh seachtaine an 27-29ú Bealtaine.
Tá an fhéile á reáchtáil mar chuid de chomóradh 100 bliain Éirí Amach 1916 ag Club Scannán Sailearna, club atá ag cur scoth na scannán i láthair an phobail áitiúil ó bhí 2007 ann.
Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Donncha Ó hÉallaithe, duine de lucht eagraithe na féile, go mbeidh scannáin faoi 1916 agus oidhreacht an Éirí Amach á dtaispeáint le linn na féile, chomh maith le saothair aitheanta faoi choimhlintí stairiúla a tharla ar fud na cruinne.
“Tá macallaí an éirí amach a bhí againn in Éirinn le feiceáil timpeall an domhain, sa stair uilig.
“Tá cás na hÉireann éagsúil ar ndóigh, ach feicfidh tú gurb é an rud céanna i gcónaí é nuair a chuirtear dream faoi chois – go gcaithfear éirí amach ar bhealach éigin. Agus ní hé an bealach céanna a bhíonn ag chuile dhream,” ar sé.
“Mar shampla, tá Man of Iron ag déileáil le héirí amach a tharla sa bPolainn in aghaidh an rialtais Chumannaigh.
“Ní éirí amach míleata, ach éirí amach trí stailc agus ceardchumann a chur ar bun, a chuir deireadh leis an gcóras Sóivéadach sa bPolainn.”
Ar a mhalairt stíle, léiríonn an scannán clasaiceach La Battaglia Di Algeri/The Battle of Algiers (1966), an chaismirt fhíochmhar mhíleata a tharla nuair a d’éiligh bundúchasaigh na hAilgéire saoirse ón Fhrainc, a bhí i gceannas ar an tír ón bhliain 1830.
“Ar bhealach, tá scéal na hAlgéire an-spéisiúil ó tharla go raibh an cogadh sin ag dul i bhfeidhm ar chúrsaí polaitíochta sa bhFrainc go dtí le déanaí,” ar Donncha.
“Bhí na Francaigh a bhí san Ailgéir ann leis na céadta bliain. Ar ndóigh, bhí an talamh is fearr acu, na jabanna agus na poist is fearr acu.
“Éirí amach an-fhuilteach, an-mhíleata a bhí ann,” a mhínigh Donncha.
I measc na scannán eile a bheidh le feiceáil tá Soy Cuba, (1964), a thugann léargas drámata físiúil ar éirí amach mhuintir Chúba in aghaidh ollchumhacht Mheiriceá; The Square (2013), scannán faoi Earrach na nArabach a thugann go ceartlár na réabhlóide ar Chearnóg Tahrir na hÉigipte muid, agus Children of the Revolution (2010), a insíonn scéal chlann na mbanréabhlóidithe den eite chlé a chuaigh i muinín an fhoréigin sna 1970idí.
Taispeánfar scoth na scannán Éireannach a bhaineann le téama na réabhlóide chomh maith, ina measc Mise Éire (1959), an nuachtscannán staire faoin bhuille ar son na saoirse, an chritic radacach fheimineach Mother Ireland (1988), agus ábhar neamhghnách eile faoin Éirí Amach, ar a n-áirítear Eoin Mac Néill: The Forgotten Man of 1916.
Beidh neart deiseanna ann do chur agus cúiteamh le scannánóirí agus staraithe a bheidh páirteach in imeachtaí na féile, ina measc Mary Harris, Gearóid Ó Tuathaigh, Seán Crosson agus Bob Quinn.
Is in Amharclann na Seanscoile, in An Poitín Stil agus sa Cinemobile in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a bheidh na scannáin á dtaispeáint, ón Aoine an 27ú Bealtaine go dtí an Domhnach an 29ú Bealtaine. Níl ach €30 ar thicéad don deireadh seachtaine iomlán.
Tá €6 ar thaispeántais aonair agus is féidir gach eolas, an clár iomlán agus ticéid a fháil anois ar clubscannan.ie