Súil ar an chuid is fearr de na scannáin atá ar taispeáint i bpictiúrlanna na tíre an deireadh seachtaine seo.
Kurt Cobain: Montage of Heck (16)
Is iomaí leabhar beathaisnéise, clár faisnéise agus scannán a rinne triail scagadh a dhéanamh ar shaol gairid, agus níos minice fós ar bhás tobann, phríomhamhránaí Nirvana Kurt Cobain.
Sin ráite, seo an chéad scannán faisnéise a bhfuil ábhar ó chartlann phearsanta a mhuintire le feiceáil ann.
Tá agallaimh nár chualathas roimhe agus sonraí nach raibh i mbéal an phobail ann chomh maith, sonraí a rachaidh i bhfeidhm go mór ar leantóirí oll-ghrúpa na nóchaidí agus daoine eile nach iad.
Force Majeure (16)
Tá go leor cainte faoin dráma seo i measc léirmheastóirí agus aird ar leith ar shaothar Ruben Ostlund, stiúrthóir de chuid na Sualainne a bhí taobh thiar de mhórscannáin bhuacacha amhail Play, The Guitar Mongoloid, agus Involuntary agus a bhfuil go leor gradam luaite leis.
Scéal faoi lánúin a théann chuig na hAlpa ar saoire sciála lena mbeirt pháistí.
Ó shaoire shultmhar shuaimhneach, tagann baol an bháis orthu i ndiaidh go dtiteann maidhm shneachta anuas gar don ionad saoire.
Ní gnáthscannán aicsin atá anseo ach dráma pearsanta, faoi chastacht chaidrimh theaghlaigh.
Women in Gold (12A)
Scannán bunaithe ar fhíor-scéal faoi Maria Altmann (curtha i láthair ag Helen Mirren), teifeach Giúdach a thóg cás cúirte i gcoinne rialtas na hOstaire in aois a ceithre scór.
An chúis leis an chás ná portráid mhór le rá dá haintín ‘Adele Bloch-Bauer’ a d’imigh as radharc nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair in 1938.
Le cuidiú ó dhlíodóir óg (Ryan Reynolds) éiríonn leis an bheirt cás láidir a thógáil.