3 scannán don ds fada

Get up and Go (15A)

Suite i mBaile Átha Cliath, leantar grúpa dlúthchairde sna fichidí arb éigean dóibh dul i ngleic leis na hathruithe saoil a thagann le haois.

Beirt chairde iad Cóilín agus Alex ar ealaíontóir duine acu agus fear grinn an duine eile, a chaith blianta ag treabhadh ghort na cruthaitheachta gan toradh maith.

Déanann siad cinneadh aghaidh a thabhairt ar Londain, fiú i ndiaidh dó Alex fáil amach go bhfuil a chailín ag súil le páiste.

Níl bealach na himirce chomh furasta sin ag Cóilín ach oiread agus go leor constaicí curtha ina choinne.

Go bunúsach, is scannán grinn é seo faoi ghnáthdhaoine atá ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan.

Scríofa agus stiúrtha ag Brendan Grant, tá aisteoirí Love Hate Killian Scott agus Peter Coonan sna príomhpháirteanna.

Is fiú é a fheiceáil.


Unfriended (16)

Thug muid nod daoibh faoin cheann seo ag tús na bliana agus tá sé anois anseo le scanradh a chur oraibh ar fad.

Scéal é seo a d’fhéadfadh tarlú áit ar domhan a bhfuil idirlíon, ól agus déagóir leochaileach ann.

Ach, tá casadh mistéireach sa scannán seo a chuireann seisear déagóirí i mbaol an bháis.

Titeann go leor den scannán amach ar choimeádán Skype, agus an seisear cairde os comhair ríomhaire ina dtithe féin.

Tá cur chuige nua-aimseartha in insint an scéil ach ní fhéadfá a rá gur scéal iomlán nua é.

Tagann teachtaireachtaí Skype chuig an seisear ó chuntas Skype de chuid cailín, a chuir a lámh ina bás féin an bhliain roimhe i ndiaidh gur cuireadh físeán di féin in airde ar líne agus í ólta.

An duine den seisear a rinne é?

Más maith leat scéinséirí rachaidh an scannán seo chun sásaimh duit.


Far from the Madding Crowd (PG)

Bunaithe ar leabhar clasaiceach le Thomas Hardy (faoin teideal céanna) díríonn an scéal seo ar Bathsheba Everdene, bean ghalánta neamhspleách, agus uaireanta ceanndána.

Is iomaí fear a chuir spéis inti; feirmeoir caorach, sean-bhaitsiléir agus sáirsint ar stócach agus rógaire ceart é.

Stiúrthóir The Hunt (2010) agus Submarino (2012) Thomas Vinterberg as an Danmhairg atá taobh thiar de agus is í Carry Mulligan, (Kitty Bennet sa mhórscannán seanré Pride & Prejudice, 2005) atá mar cheann feadhna.

Dráma ré ar scála ollmhór.

SCÉALTA EILE