Lá na nAithreacha atá ann inniu mar sin tá muid ag déanamh ceiliúrtha ar dhaidithe ar leith ón scáileán mór, agus ón scáileán beag, a spreag gáire, náire agus eile.
1) Athair Cúláilte – Phil Dunphey (Modern Family)
“Má chaitheann mo mhac liom mar a chaitheann sé lena chairde amaideacha, tá ag éirí liom mar athair!”
Sin cur chuige Phil Dunphey, athair na hóige.
Mar a bheadh Peter Pan ann, maireann Phil i ndomhan na bpáistí agus caitheann sé a chuid ama ag pleidhcíocht, ag magadh nó ag déanamh scigaithrisí – iarrachtaí ar fad ceangal a dhéanamh leo agus an cairdeas eatarthu a láidriú.
Thar aon ní eile, is breá leis gáire a spreagadh.
Athair a bhfuil croí mór aige. Is breá linn Phil!
Aisteoir: Ty Burrell
2) Athair a Ghníomhaíonn le Dea-Chroí – Homer Simpson (The Simpsons)
Ní hé an t-athair is cliste ar domhan, ná baol air, ach déanann sé a dhícheall dá pháistí!
Is iomaí meancóg a dhéanann Homer; mar athair, mar chéile, agus mar dhuine.
Fear ramhar, tútach, falsa agus aineolach atá tugtha den ól agus a bhfuil go leor lochtanna eile aige.
Ach taobh thiar de sin ar fad is fear dílis teaghlaigh é.
Tá caidreamh casta go leor aige lena thriúir páiste, go háirithe an bheirt is sine, Bart agus Lisa.
Cuimhnigh “Why you little…,” an frása a tháinig go minic amach as béal Homer nuair a bhí sé ar tí Bart a thachtadh.
Ach ba mhinic a léirigh siad meas dá chéile agus iad chomh seiftiúil céanna – díreach mar a fheicimid san fhíseán.
Cé go bhfuil sé ar a mhalairt ó Lisa, agus gur minic a chuireann iompar a hathar isteach uirthi, déanann sé an beart ar a son nuair is gá.
Aisteoir Gutha: Dan Castellaneta
3) Athair an Fhéinfhuatha – Coirnéal Frank Fitts (American Beauty)
Iarmhuirshaighdiúir na Stát Aontaithe is ea é an Coirnéal Frank Fitts.
Duine gáirsiúil garbh a bhailíonn earraí Naitsíocha agus gunnaí.
Ní féidir leis glacadh lena fhéiniúlacht ghnéasachta féin agus fágtar searbh é dá bharr.
Bagraíonn an t-athair gránna a mhac féin Ricky (Wes Bentley) a dhíbirt ón teacht agus é ag ceapadh go bhfuil sé i gcaidreamh le fear atá ina chónaí béal dorais.
Sa deireadh maraíonn Frank an chomharsa chéanna i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh é a phógadh.
Aisteoir: Chris Cooper
4) Athair ar Rógaire Ceart é – Tadhg Ó Direáin (Ros na Rún)
Cladhaire amach is amach é Tadhg. Is breá leis a bheith ag dul sa seans agus tá sé sásta feall a dhéanamh ar a mhuintir agus ar a chairde más gá.
Mar gheall ar a leithleachas, gortaíonn sé na daoine is gaire dó.
Tá sé diongbháilte ar a chuid cumhachta a choinneáil cibé dóigh, dúnmharú san áireamh.
Athair é Tadhg le hEoin agus tá páistí aige ar fud na tíre is cosúil.
Seans go bhfaighidh Eoin an ceann is fearr ar Thadhg sa deireadh… beidh orainn fanacht go dtí an tsraith nua ar TG4 san fhómhar.
Aisteoir: Macdara Ó Fátharta
5) Athair an Oilc – Darth Vader (Star Wars V– The Empire Strikes Back)
Ar cheann de na noiméidí is mó i stair na scannán ficsean eolaíochta, tá an radharc ina nochtann saoi an oilc gurb é Luke Skywalker a mhac féin.
Mar spreagadh ag go leor scigaithrisí, úsáideadh an líne chéanna “Luke I am your Father” i scannáin agus sraitheanna teilifíse de chuid na nóchaidí – Austin Powers: The Spy Who Shagged Me agus an scannán beochana Toy Story 2 san áireamh.
Carachtar, agus athair, íocónach a mhairfidh sa chuimhne go deo.
Aisteoir: David Prowse