In 2005 rugadh ‘Giro’, mac leis an Phalaistíneach Emad Burnat, feirmeoir agus an fear taobh thiar den scannán seo, agus thosaigh Burnat ag taifeadadh.
Ag an am céanna, chuir muintir Bil’in – baile dúchais Burnat atá suite i lár an Bhruaigh Thiar – tús le gluaiseacht frithbheartaíochta i gcoinne iarrachtaí arm Iosrael bacann a thógáil timpeall ar an bhaile agus talamh tamhlaíochta a bhaint ó na daoine áitiúla.
Thar thréimhse cúig bliana déanann Burnat taifead ar an fheachtas agóidíochta a eagraíonn muintir an bhaile in aghaidh na deighilte.
Bristear cúig cheamara eagsúla dá chuid le linn na dtroideanna idir pobal an bhaile agus na forsaí míleata, imeachtaí a théann i bhfeidhm ar theideal an scannáin agus a thugann struchtúr dó chomh maith.
Féachann Burnat trí shúile an cheamara ar an scrios atá á dhéanamh ar na crainnte olóige, ar an neamart atá á dhéanamh ar chearta daonna na bPalaistíneach, ar lámh láidir fhorsaí míleata Iosrael agus ar bhás a mhuintire dúchais.
Dúirt an ceamradóir féin go ndearna sé cinneadh ón tús taifead a dhéanamh ar gach rud a bhí le feiceáil aige mar gur thuig sé an tábhacht a bhí sa cheamara mar scéalaí agus mar fhinné.
“Bhí a fhios agam ón tús gur finné an-láidir, agus gur arm an-láidir, é an ceamara agus mar sin de shocraigh mé ar é a úsáid i gcónaí mar go raibh a fhios agam go mbainfí feidhm as na híomhánna le haghaidh ócáidí tábhachtacha.”
Agus b’amhlaidh a rinne sé, fiú amháin nuair a gabhadh a dheartháir agus nuair a maraíodh cara leis, choinnigh sé leis ag taifeadadh.
Chreid Guy Davidi, Iosraelach agus stiúrthóir an scannáin, go raibh bunús iontach fiúntach ag an scannán ón chéad lá mar gheall ar an cheamradóir a bheith lárnach sa scéal féin agus aontaím féin leis.
Bhí Burnat ábalta an scéal a insint ar bhealach nach mbeadh de chumas ag an té nach raibh baint acu leis an scéal ná leis an áit.
Chomh maith le scéal sóisialta mhuintir Bil’in a chur in iúl, is cuntas ionraic agus pearsanta é 5 Broken Cameras ar theaghlach Burnat agus ar luathbhlianta Giro, buachaill óg atá ag fás aníos i lár na coimhlinte.
Tchíonn an lucht féachana roinnt den uafás agus den fhoréigean trí shúile an mhic óig, gné den scannán atá thar a bheith cumhachtach.
Thar aon rud eile, is léiriú beacht é 5 Broken Cameras ar dheacrachtaí laethúla, ar fhaitíos agus ar imní muintir Bil’in, daoine atá ag maireachtáil ó lá go lá faoi bhagairt fhórsaí Iosrael agus faoi shrian an stáit.
Spreagfaidh sé caoineadh agus fearg.
Ainmníodh 5 Broken Cameras sa chatagóir ‘An Scannán Fáisnéise is Fearr’ ag na gradaim Oscar sa bhliain 2011 agus tá sé le fáil anois ar DVD.