Don té atá ag súil le rud éigin éagsúil sa phictiúrlann, tharraing na 5 scannán sainealaíne seo de chuid na hEorpa go leor airde ag mórfhéilte scannán Cannes, Berlinale agus Karlovy Vary i mbliana, agus beidh fáil againne in Éirinn orthu i rith an tsamhraidh agus sna míonna amach romhainn.
Fuocoammare / Fire at Sea
Scannán fada faisnéise é seo, faoi stiúir Gianfranco Rosi, a leanann teifigh ar a mbealach thar muir i mbáid phlódaithe ón Liobáin agus ón tSiria go hoileán Lampedusa na hIodáile.
Tá scéal buachalla óig agus scéal dochtúra, atá ag iarraidh cúram leighis a chur ar fáil, fite fuaite ina chéile go cumhachtach sa léiriú seo a thug leis duais an Bhéir Órga ag Féile Scannán Berlinale i mbliana.
Toni Erdmann
Agus í ar deoraíocht sa Rómáin, cuireann bean tús in athuair le caidreamh lena hathair tar éis blianta fada gan a bheith i dteagmháil leis.
An scríbhneoir agus stiúrthóir Gearmánach Maren Ade atá taobh thiar den scannán seo a phléann go cáiréiseach agus ar bhealach thar a bheith réalaíoch le castachtaí chaidreamh na mná seo.
Roghnaíodh Toni Erdmann le dul san iomaíocht i bpríomhchomórtas Fhéile Scannán Cannes, Palme d’Or.
Bainfidh sé idir gháire agus dheor asat!
Skhvisi sakhli /House of Others
Taispeánadh an scannán seo den chéad uair i mbliana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Karlovy Vary i bPoblacht na Seice, agus sciob sé ceann de mhórdhuaiseanna na féile.
Début an stiúrthóra Sheoirsigh Rusudan Glurjidze atá ann, é bunaithe ar a hóige.
Chuaigh Rusudan agus a muintir chun cónaí i dteach i mbaile beag sa tSeoirsia ar theith na háitritheoirí a bhí ann rompu uaidh de dheasca an chogaidh.
Taispeántar an tráma a bhain don teaghlach agus an t-amhras a mhair go domhain sna daoine a chuaigh chun cónaí ar an bhaile.
Hymyilevä mies / The Happiest Day in the Life of Olli Mäki
Nuair a smaoiníonn tú ar Rocky, Raging Bull, Cinderella Man nó ar scannán dornálaíochta ar bith go deimhin, seans go ritheann ráig téististéaróin tríot agus go dtagann aintiúin mhóra na n-ochtóidí chun aigne.
Tugadh faoi leithéid an scannáin áirithe seo go minic cheana, ach ná bí ag súil leis an ghnáthinsint scéil ná leis an ghnáthaicsean anseo. Tá an scannán seo, an chéad mhórscannán faoi stiúir Juho Kuosmane, ar leibhéal eile ar fad.
Ríomhtar scéal an íochtaráin Mäki, trodaí as an Fhionlainn, agus é i mbun traenála don troid is mó ina shaol go dtí seo i gcoinne churadh Mheiriceá.
Bhuaigh an scannán seo duais ag Cannes i mbliana.
Wszystkie Nieprzespane Noce /All These Sleepless Nights
Tá beocht fhuinniúil chathair Warsaw le brath go mór i saothar nua Michal Marczak, a mheascann ficsean agus faisnéis.
Scéal teacht i méadaíocht atá ann faoi bheirt mhac léinn ealaíne (Krzysztof Baginski agus Michal Huszcza) a bhfuil cíocras acu don chóisireacht.
Is ceiliúradh atá sa scannán seo ar shaol na hóige, agus é thar a bheith Polannach tríd is tríd!
Thuill Michal Marczak an mhórdhuais stiúrthóireachta ag Sundance i mbliana as an sársaothar seo.