60 soicind le…

Duine de chliar ‘An Bronntanas’ agus ‘Jubilee Nurse’, is aisteoir í Michelle Beamish atá cur fúithi i Los Angeles, SAM. Tá Michelle ainmnithe sa rannóg ‘An tAisteoir is Fearr’ ag na Gradaim Chumarsáide a bheas ar siúl Dé hAoine seo i nGaillimh. Labhair sí le NÓS faoi chraic na nGael, a cuimhní cinn agus a cur chuige saoil, is é sin taitneamh a bhaint as gach lá!


1. Cárb as duit?
Baile An Chollaigh, Co. Chorcaí.

2. Trí rud a chuimhníonn tú fúthu nuair a smaoiníonn ar tú do cheantar dúchais?
Clann, cairde, agus scoil.

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?
Sóisialta, duine daonna, lán aislingí (Cé gur cúig fhocal é sin anois!)

4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Táim i mo chónaí i Los Angeles faoi láthair, mar sin is dócha go ndéarfainn Meiriceá!

5. Céard é an ghig is mó a thaitin leat?
John Mayer, Sráid Vicar. Is iontach an ceoltóir é.

darragh-michelle

6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
Aon rud ó Pharell Williams!

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’aisteoir?
Múinteoireacht b’fhéidir ach níl mé cinnte.

8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl. Déanaim cinnte i gcónaí triail a bhaint as rudaí agus seansanna a thógaint ionas nach mbeidh aon aiféala agam níos déanaí i mo shaol.

9. Céard é an cuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Tá cuimhní an-soiléir agam ó m’óige. Níl roinnt de mo chairde ábalta smaoineamh siar ar rudaí a tharla ní ba luaithe ná deich mbliana d’aois, ach tá mise in ann smaoineamh ar dhath mo bhróige ar mo chéad lá ar Scoil Nairobi nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois… bhí siad dearg!

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
An clár teilifíse, The Office.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Oíche le bia agus ceol deas.

12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?
Cate Blanchett, toisc go dtugann sí faoi pháirteanna atá an-éagsúil óna chéile.

13. Stáitse nó scannán?
Scannán.

14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
An chraic, gan aon dabht.

michelle-1

15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Ó a Dhia, níor mhaith liom aon chomparáid a dhéanamh idir mé féin agus duine tábhachtach stairiúil!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Rud éigin praiticiúil, ar nós dul go Dunnes agus roinnt bia a cheannach!

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
An Téalainn. Tá an-chuid rudaí deasa cloiste agam faoi.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Tá. Ba bhreá liom bheith níos eagraithe ná mar atá mé anois.

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Níl aon bhuaicphointe ar leith ann. Táim ag baint taitnimh as an saol gach lá!

20. Rud ar leith ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Ba mhaith liom mo chlann féin a bheith agam lá éigin.

SCÉALTA EILE