Ba ghníomh dúshlánach é an scannán Spáinnise seo a chur le chéile faoin saol comhaimseartha i bpríomhchathair Chúba.
Chuir seacht stiúrthoirí, sea seacht, rompu seacht bpíosa éagsúla – ceann le haghaidh gach lá den tseachtain – a scannánú agus a thabhairt le chéile sa deireadh. Bheadh aithne súl againn sa tír seo ar fhear acu, Benicio del Toro, agus tá clú ar Gaspar Noé agus Juan Carlos Tabío chomh maith.
Cé go bhfuil 7 Days In Havana snasta go leor, bheifeá ag tnúth le níos mó ón chomhoibriú idirnáisiúnta seo idir an Fhrainc, an Spáinn agus Cúba féin.
Tá an seacht scéal suimúil go leor iontu féin ach ní léir cén fáth ar cuireadh le chéile iad i dtús báire, seachas b’fhéidir chun turasóirí a mhealladh chun na cathrach le féilte, uisce gorm glan agus féidearthachtaí gnéis.
Tá ábhar grinn le fáil ann leis an gceoltóir mar shampla a théann ar an drabhlás theis dó duais a bhaint ag féile scannáin Havana agus a bhailíonn leis lena thiománaí tacsaí chuig tobsheisiún trumpaí.
Tá fhios ag madaí na sráide go bhfuil saibhreas ar leith ag baint le cultúr Chúba. Is trua nach n-ardaíonn an scannán seo ár n-aird ar an tír, ach ní hé go n-íslíonn sé é ach an oiread. Bain sup as ar dhrochlá samhraidh agus beidh tú sona go leor.