8 scannán iontacha Éireannacha ar Netflix don Choraintín Mór

Bhuel. Tá ár gcac anois againn. Ar nós Elsa, Rapunzel, Jasmine agus Belle (wow, an iomarca) táimid ar fad ag tabhairt faoin scaradh sóisialta, sáinnithe inár gcuid tithe/caisleán go dtí go dtiocfaidh prionsa le muid a shábháil —  nó ar a laghad go dtí go mbeidh an rud seo ar fad thart. 

Ach, a fhad is atá ár sochaí ag dul in olcas, is féidir linne dul i bhfeabhas trí chuile alt ar NÓS a léamh, Gaeilge a mhúineadh don mhadra nó téarmaí nua a fhoghlaim tú féin ar nós ‘scaradh sóisialta’. 

Nó is féidir linn dearmad a dhéanamh den chraic sin ar fad agus an t-am a chaitheamh ag breathnú ar scannáin ar Netflix, rud atá i bhfad níos éasca! Tá liosta anseo de na scannáin a shílim féin a chuirfidh gliondar ar bhur gcroí, ionas gur féidir libh dearmad a dhéanamh den dystopia taobh amuigh. 

Ní chuirfidh mé scannáin ar an liosta seo ar nós The Quiet Place agus Contagion mar tuige sa diabhal a ndéanfadh aon duine é sin air féin, ach freisin agus mé ag obair ar an liosta, thug mé faoi deara gur scannáin Éireannacha a bhí ag seasamh amach dom arís agus arís eile. Mar sin, is liosta é seo den ocht scannán Éireannacha is fearr ar Netflix, agus tacóidh muid le healaíontóirí Éireannacha. 


Handsome Devil

B’fhéidir nach bhfuil aon rud nua i scéal an scannáin seo faoi bheirt déagóirí atá fíordhifriúil atá ar scoil le chéile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ach aireoidh tú níos fearr faoi chuile shórt atá ag tarlú faoi láthair i ndiaidh duit é a fheiceáil. Aisteoireacht láidir ón mbeirt óg Fionn O’Shea agus Nicholas Galitzine, agus cé go mbíonn mé siar is aniar faoi mo thuairim ar Andrew Scott, déanann sé sár-jab anseo. 

Dublin Oldschool 

Céard is féidir liom a rá faoi Dublin Oldschool nach bhfuil ráite agam i mo léirmheas anseo? Tá an scannán seo iontach. Tá chuile shórt faoi iontach. An scannán Éireannach is fearr atá feicthe agam le fada, agus aisteoireacht agus script den chéad scoth ann. Sílim gurb é Emmet Kirwan duine de na haisteoirí Éireannacha is fearr atá ag obair faoi láthair. Mura mbreathnaíonn sibh ar aon scannán eile, déanaigí cinnte ar a laghad é seo a fheiceáil. 

Extraordinary

Ceann nach bhfaca mé ach le seachtain anuas, mar go raibh mé róghnóthach le dul ag breathnú air sa bpictiúrlann, agus tá aiféala orm anois mar bhí sé de cheart ag gach duine é seo a fheiceáil ar an scáileán mór. Scannán faoi bhean atá in ann labhairt leis na mairbh. Tá sé fíor-fíor-bharrúil, agus tá Maeve Higgins thar cionn. Lua speisialta freisin do Will Forte, atá iontach i ngach rud a dhéanann sé. 

I am Patrick

Ceann ar fhéach mé air ar Lá Fhéile Pádraig féin, scannán faisnéise faoi shaol Phádraig Naofa. Bhí mé i gcónaí tógtha le scéal Phádraig, agus déanann an scannán seo cur síos críochnúil suimiúil air. Agus leis an aisteoir Gaelach Seán T. Ó Meallaigh i bpáirt Phádraig, cén chaoi a bhféadfainn é a fhágáil ón liosta!

Siege of Jadotville

Scannán a tháinig amach cúpla bliain ó shin anois, ach má tá tú ag iarradh scannán le níos mó aicsin ann ná an chuid thuas, b’fhiú féachaint air seo. Tá an scéal sa teideal i ndáiríre, ach tá éifeachtaí maithe agus aisteoireacht mhaith ann, agus tarraingíonn sé isteach i ngruamacht na cogaíochta thú go paiteanta. 

The Young Offenders

Scannán le haicsean chomh maith, ach ní chomh dáiríre céanna le The Siege of Jadotville thuas. Scannán, nuair a chonaic mé é ag an am, a chuir gliondar ar mo chroí agus a líon mé le bród. Aisteoireacht láidir agus script fíor-bharrúil, le radhairc áille de shléibhte Chorcaí, beidh dearmad déanta agat ar do sheomra suí agus na scéalta dorcha faoin domhan mór gan mhoill.

The Breadwinner

Scannán álainn ó Cartoon Saloon anseo. Chonaic mé é nuair a eisíodh as Gaeilge é, ach bhí sé chomh héifeachtach céanna i mBéarla. Scannán faoi scéalta le scéalaíocht den scoth ann féin. Ceann le breathnú air maidin le tine a chur fút rud éigin cruthaitheach a dhéanamh le do lá.

SCÉALTA EILE