‘Adulting’ le Linda Bhreathnach

Labhair NÓS le Linda Bhreathnach, an t-aisteoir agus scríbhneoir atá taobh thiar de ghearrscannán nua dátheangach ‘Adulting’, a bheas á thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, Déardaoin seo chugainn. 


“…I mean granola makes me happy but it will also make me fat; it’s a sad fact of life that’s fucked up!”

Cuireann monalóg de smaointe inmheánacha Jane tús le gearrscannán nua Linda Bhreathnach, ‘Adulting’ a insíonn scéal mná óig atá tagtha ar ais go Conamara tar éis gur chlis ar chaidreamh grá thar lear.

Is í Linda Bhreathnach, aisteoir aitheanta as Ros Muc, Conamara, a scríobh an script agus atá sa phríomhpháirt sa ghearrscannán nua dátheangach seo.

Ina teannta sa chliar, tá Pádraic Breathnach (Jack Taylor, Breakfast on Pluto), Emma Eliza Regan (Jack Taylor, Darkness on the Edge of Town), Sean T. Ó Meallaigh (Vikings, Klondike), Eoin Geoghegan (Pursuit/An t-Oileán), James Riordan (Lipsinkers), Sorcha Ní Chéide (Ros na Rún), Carrie Crowley (Vikings, Fair City) agus meitheal aisteoirí breátha eile.

Ar bhealach atá réalaíoch, tuisceanach agus an-ghreannmhar in áiteanna, téann an scannán i ngleic leis na ceisteanna a bhíonn ag dó na geirbe ag daoine óga sa tír seo agus iad ag fás aníos.

Áit éigin idir an portach, na míoltóga marfacha, Instagram, Tinder agus “super green kale smoothies”, tá Jane ag streachailt léi ag iarraidh a bealaigh a aimsiú.

linda

Ag labhairt le NÓS di, dúirt Linda go raibh sí ag súil go mbeadh an gearrscannán mar “fhuinneog bheag isteach i saol gnáthdhuine i gConamara, nó in Éirinn fiú.”

“Tá an cailín seo ann agus tá sí tar éis dul a thaisteal, tá sí skint, tá sí croíbhriste agus tagann sí ar ais go Gaillimh,” ar sise.

“Bhí mé ag iarraidh duine a thaispeáint a bhfuil fadhbanna aici, agus a bhíonn brónach, ach é sin a léiriú mar a bheadh sé ina ghnáthchuid den saol.”

Ní hé go bhfuil iontas mór sa scannán, dar le Linda, ach “is léiriú fíor é ar shaol duine óig sa tír seo níos mó ná rud ar bith eile.”

Mhínigh Linda gur spreagadh í an chéad lá le dul i mbun pinn le dearcadh mná óig as an iarthar a chur chun cinn.

“Áirím ar nós nach bhfuil glór mhná na Gaeltachta le cloisteáil i ndrámaí nó i scannáin, agus cheap mé go mbainfinn triail as seachas a bheith ag gearán faoi,” ar sí.

Chuir Justin Davey, scannánóir ar chas Linda air fad is a bhí sí ina cónaí i gCalifornia, spéis sa script agus cé nach raibh maoiniú ar bith acu don togra, shocraigh siad é a dhéanamh cibé.

Gan maoiniú ná airgead ar bith, rinneadh gearrscannán 20 nóiméad ar fhad, atá ar ardchaighdeán amach.

“Mam a rinne an bia, bhí an ceamara ag Justin agus is iad cairde i bhfírinne a bhí sa chliar.”

Anois agus é déanta, is é an sprioc mhór atá ag Linda ná go mbeadh an méid is mó daoine in ann breathnú air agus is féidir.

Chuige sin, is cúis mhór áthais í di agus do Justin an scannán a bheith roghnaithe don tsraith ‘New Irish Shorts’ i gclár Fhleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.

Cuireadh os cionn 500 iarratas isteach ar an tsraith agus tá ‘Adulting’ i measc 14 léiriú a thaispeánfar mar chuid den fhéile.

Éacht ann féin cinnte agus beidh muid ag coinneáil súil amach dó ag féilte scannán amach sa bhliain!


Beidh an scannán á thaispeáint Déardaoin 7 Iúil ag 12.30in. in Amharclann na Cathrach mar chuid den tsraith ‘New Irish Shorts 2’. Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE