Ag amharc chun tosaigh

Fiú sula dtagann deireadh le bliain amháin, bíonn lucht scannán an domhain ag amharc chun tosaigh ar eisiúintí na bliana seo chugainn agus iad ag iarraidh buille faoi thuairim a thabhairt ar na scannáin a phléascfaidh an díoloifig nó a mheallfaidh aird an phobail ag féilte neamhspleácha sa bhaile agus i gcéin.

Agus ag caint ar fhéilte, díreach ag tús 2011 beidh suim Éireannach san fhéile iomráiteach Sundance, a bheas ar siúl in Utah SAM ag deireadh mhí Eanáir, mar taispeánfar dhá fhádscannán ón tír seo den chéad uair ann, mar atá The Guard, scéinséir grinn ina bhfuil Breandan Gleeson agus Don Cheadle, agus Knuckle, a dhíríonn isteach ar throdaíocht láimhe.

Beidh dhá ghearrscannán Éireannacha le feiceáil le linn na féile chomh maith, The External World ar beochan é le David O’Reilly agus an dráma gleoite de chuid Cathy Brady, Small Change, a bhuaigh gradam ag Féile Scannán Chorcaí i mbliana.

Séasúr na nGradam
Is ag tús na bliana a bhíonn mórimeacht na scannán príomhshrutha, na hOscars, chomh maith ar ndóigh le hócáid 2011 ag titim amach ar 27 Feabhra.

Tá blas éigin Éireannach ar The Fighter a d’fhéadfadh bheith san iomaíocht le haghaidh gradaim.

Scannán faoi stiúir David O’Russell é a leanann scéal ‘Irish’ Mickey Ward (Mark Wahlberg), dornálaí ó Massachusetts a bhain clú amach sna 1980í agus a bhfuil amhrán ag banna mór Boston, Dropkick Murphys, ina ómós.

Tá na deartháireacha Coen ar ais le True Grit, athdhéanamh de scannán buachaillí bó ó 1969 a raibh John Wayne é féin ann (tá Jeff Bridges agus Matt Damon sa leagan úr) agus tá sé ag tarraingt go leor moltaí ó léirmheastóirí cheana. An bheirt Coen i mbarr a réime a deirtear faoin cheann seo agus is cinnte go mbeidh sé gar do dhuais sna míonna amach romhainn.

Beidh deis ag an saothar is úire de chuid Danny Boyle, 127 Hours, gradam a bhaint amach chomh maith agus tá caint áirithe ann faoi The King’s Speech agus Black Swan.

Natalie Portman agus Mila Kunis na príomhaisteoirí in Black Swan agus tugann an bheirt acu taispeántais láidre uathu ina róil mar dhamhsóirí bailé atá in iomaíocht chasta le chéile.

Scannáin Leantacha
Tá an chuma ar 2011 gur bliain eile lán sequels a bheas inti chomh maith le roinnt mhaith scannán leantach le teacht amach, thar an samhradh ach go háirithe.

Ina measc sin a bhfuil líon mór daoine ag fanacht air tá an ceathrú scannán sa tsraith Pirates of the Carribbean, On Stranger Tides.

Le heisiúint i mí na Bealtaine, beidh Johnny Depp ar ais i ról an ghealbhain é féin, an Captaen Jack Sparrow, ach ní bheidh réalta nó beirt eile ó na chéad scannáin, mar atá Orlando Bloom agus Keira Keightley, le feiceáil an babhta seo, rud a chuireas díomá ar idir fhir agus mhná.

Cé gur thaitin an tríú caibidil At World’s End, a tháinig amach in 2007, leis an lucht féachana, ní bhfuair sé fáilte ró-the ón lucht léirmheasa agus beidh súil ag an stiúrthóir úr, Rob Marshall, a bhí sa suíochán stiúrtha do na ceoldrámaí Chicago agus Nine, beidh súil aige idir léirmheastóirí agus bhreathóirí a mhealladh an samhradh seo.

Beidh X Men ar ais ar an scáileán mór i mí an Mheithimh le First Class agus, ag cloí leis an fhicsean eolaíochta, tá Transformers le teacht ar ais chomh maith faoin teideal Dark of the Moon cé go mbeidh na róbait gan Megan Fox a bhfuil á páirt á líonadh anois ag Rosie Huntington-Whiteley.

Bhí rácháirt nach beag ar The Hangover nuair a tháinig sé amach an bhliain seo caite, an greann áibhéalach áiféiseach ag cur daoine ag gáire i bpictiúrlanna ar fud an domhain, mar sin beidh dúshlán mór roimh an dara scannán sa tsraith an t-áischothú dearfach céanna a fháil sa samhradh.

Is i mBangkok na Téalainne a thiteann an chraic ar fad amach an iarraidh seo agus bí cinnte de go mbeidh eachtraí na mboc chomh craiceáilte céanna arís i mbliana.

Agus le Harry Potter ar ais faoi láthair le cuid a haon de The Deathly Hallows, ní féidir dearmad a dhéanamh ar chuid a dó a bheas ag bualadh na scáileán i lár 2011.

Seo an t-eagrán deiridh sa tsraith ollmhór a chuir draíocht ar óg agus aosta le roinnt blianta anuas agus táthar ag dreim le críoch chorraitheach le scéal an draoi agus a chairde ar fad ag Hogwarts.

Tá Pixar ar ais i mbun aicsin chomh maith leis an scannán leantach de Cars agus an príomhcharachtar Lightning McQueen – ní gaol ar bith é do Steve – anois ag taisteal an domhain agus ag iarraidh fanacht ar shiúl ó thrioblóid.

Feicfear Tom Cruise os comhair an cheamara arís i scannán eile de chuid Misson Impossible – ní raibh Cruise thart le tamall mar sin beidh sé spéisiúil fáil amach conas a éiriónn leis san eagrán seo a bhfuil Ghost Protocol air – agus, muna leor sin de na sequels, tiocfaidh Robert Downey Jr. agus Jude Law ar ais mar Sherlock Holmes agus Dr. Watson.

Iar-fhear Pixar, Brad Bird, atá ina stiúrthóir ar Sherlock Holmes 2 agus táthar ag meas go dtabharfaidh sé gné éigin sa bhreis don iarracht.

Bliain eile lán aiscin agus eachtraí i saol na pictiúrlainne mar sin, bí cinnte go bhfaigheann tú blas de!

SCÉALTA EILE