Aistear dorcha lán foréigin, bréag agus brúidiúlachta

Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh agus leis an samhradh tagann go leor rudaí éagsúla. Daoine ag ól taobh amuigh in áit a bheith ag ól taobh istigh, féilte ceoil le bannaí nár chuala aon duine riamh trácht orthu, agus b’fhéidir coicís d’aimsir bhreá má bhíonn an t-ádh linn. Chomh maith leis na gnéithe sin tagann na scannáin mhóra isteach sa bpictiúrlann.

Cheana féin, bhí Ready Player One (go dona), Rampage (níos measa) agus Avengers: Infinity War (sách maith!) againn, agus leis an gclampar agus gleo a thagann leis na scannáin sin, tá an chontúirt ann go n-imeoidh scannáin ar bhuiséad níos lú amú i measc an tslua. Ceann de na scannáin bheaga sin is ea Thoroughbreds, an scannán deireanach a rinne an t-aisteoir iontach Anton Yelchin sula bhfuair sé bás go tobann in 2016. Agus tá mé ag rá leat anois, ná lig an scannán seo tharat, mar cé go bhfuil fadhbanna leis, is deas an t-athrú é ó na scannáin mhóra aicsin atá sa bpictiúrlann in éindí leis.

Mar atá ráite agam cheana agus mé ag scríobh ar an suíomh seo, i mo léirmheas ar scannán mór millteach eile, Black Panther, is maith liom scannáin a ndéantar iarracht iontu rud éigin difriúil a dhéanamh, agus sa chéad scannán seo ón stiúrthóir Cory Finley, is cinnte go mbaineann sé triail as rudaí difriúla. Leanann an scéal Lily (Anya Taylor-Joy) agus a cara Amanda (Olivia Cooke), agus iad ag tabhairt faoi phlean le leasathair gránna Lily (Paul Sparks) a mharú, ach nuair a tharraingíonn siad an mangaire drugaí Tim (Yelchin) isteach sa scéal, tosaíonn an bheirt ar aistear dorcha lán foréigin, bréag agus brúidiúlachta.  

Is cinnte nach é an scéal is spraíúla é agus is cinnte nach bhfuil sé éasca ar na súile. Tá sé chomh foréigneach le You Were Never Really Here ach le barr níos géire air, agus gan an croí a bhí ag carachtar Phoenix sa scannán sin. Cinnte tá greann ann, ach tá sé dorcha, agus tógann sé cúpla nóiméad dul i gcleachtadh air. Domsa, bhí na téamaí dorcha beagán iomarcach in áiteanna, agus stop an foréigean agus an ghruamacht ag dul i bhfeidhm orm ag an deireadh. 

Mar sin féin, tá an aisteoireacht thar cionn, go háirithe ag Yelchin, a thugann léiriú iontach mar an mangaire drugaí truamhéalach, agus is mór an trua é nach bhfeicfidh muid é ar scáileán arís. Ar comhcéim le Yelchin tá Olivia Cooke a thógann páirt an tsíceapataigh Amanda agus déanann sí an-jab dó. Caithfidh mé an stiúrthóir Cory Finley a lua chomh maith, mar is cinnte go mbeidh tóir air agus ar a stíl shnasta, ealaíonta amach anseo. 

Tá radharc amháin go háirithe, ag buaic an scannáin, a rinneadh le snas a mbeifí ag súil leis ó Tarantino. Ní scríobhfaidh mé a thuilleadh faoi, ach aithneoidh tú an radharc nuair a fheicfidh tú é. 

Má tá fonn ort rud éigin difriúil a fheiceáil sa bpictiúrlann an samhradh seo, téigh sa seans ar Thoroughbreds. Is cinnte gur scannán é a fhágfaidh míchompordach thú, is scannán é b’fhéidir a fhágfaidh in ísle brí thú, ach is scannán difriúil, nua é a fhanfaidh leat ar feadh i bhfad. 

SCÉALTA EILE