Níor éirigh linn, an uair seo, mórscannán Gaeilge a fháil ar ghearrliosta na nGradam Oscar le haghaidh an Scannáin is Fearr i dTeanga Iasachta – bhí An Bronntanas iontach curtha chun tosaigh ag Éirinn don rannóg – ach beidh ionadaí ag an teanga ag an ócáid bhronnta in Hollywood ag deireadh mhí Feabhra.
Tá Song of the Sea de chuid Cartoon Saloon Chill Chainnigh tar éis áit a bhaint amach ar an ghearrliosta don Scannán Beochana is Fearr, agus tá amhrán Gaeilge mar chuid den fhuaimrian.
Mar a fheictear thuas, is scannán gleoite é atá bunaithe ar scéal rúndiamhair na selchidh (selkies), mná a thiontaíonn ina rónta, agus a leanann eachtraí an chailín óig Saoirse agus a deartháir Ben.
Is iad laochra an cheoil Ghaeilge, Kíla, in éineacht leis an chumadóir Bruno Coulais, a chum an ceol draíochta do Song of the Sea agus i measc na rianta ar an fhuaimrian tá an t-amhrán Gaeilge, ‘Amhrán na Farraige’, atá á chanadh ag an amhránaí clúiteach Lisa Hannigan.
Seo é:
Tá Colm Ó Snodaigh ó Kíla i measc na nguthanna atá le cloisteáil sa scannán, mar aon le Brendan Gleeson, Pat Shortt, Lucy O’Connell, David Rawle, Lisa Hannigan, Fionnula Flanagan, Jon Kenny agus Liam Hourican.
Is i mBéarla atá an bunleagan ach eiseofar leagan Gaeilge faoin teideal Amhrán na Mara chomh maith.
Tá ardmholadh ar fad faighte ag an bheochan álainn Éireannach seo ó léirmheastóirí ar fud na cruinne agus is cinnte go bhfuil an-seans aige an duais iomráiteach a thabhairt leis.
In iomaíocht leis sa rannóg beochana tá Big Hero 6, The Boxtrolls, How to Train Your Dragon 2 agus The Tale of the Princess Kaguya.
Bronnfar na gradaim ag ócáid lonrach in Hollywood ar 22 Feabhra agus meastar go seolfar Song of the Sea anseo san Earrach.