‘An Cailín Ciúin’ ainmnithe do Oscar

Tá an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin ainmnithe sa chatagóir Fadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr ag Gradam na nOscar 2022. Bhí 15 scannán ag súil le háit a bhaint amach ar an ngearrliosta agus d’éirigh le saothar Choilm Bhairéid ceann de na cúig áit a fháil.

San iomaíocht le An Cailín Ciúin beidh Im Westen nichts Neues (An Ghearmáin), Argentina, 1985 (An Airgintín), Close (An Bheilg), agus EO (An Pholainn).

Fógraíodh na gearrliostaí do na catagóirí éagsúla ag searmanas a reáchtáladh i gceannáras an Acadaimh a craoladh beo ar líne ag 13.30 inniu. Bhí cuid den chliar agus de chriú an scannáin ag faire na n-ainmniúchán ag craoladh speisialta a bhí ar siúl i bpictiúrlann an Stella i mBaile Átha Cliath inniu.

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge a bhain áit amach ar an ngearrliosta sa chatagóir seo riamh agus ní hamháin sin ach an chéad scannán as Éirinn, i mBéarla ná i nGaeilge, a bhain áit amach ar an liosta.

Rinneadh An Cailín Ciúin faoin scéim ‘Cine4’, scéim atá tar éis borradh mór a chur faoi earnáil na bhfadscannán Gaeilge le tamall de bhlianta anuas.

Bronnfar Gradam na nOscar Dé Luain an 13 Márta.

SCÉALTA EILE