Tá An Cailín Ciúin, scannán Gaeilge atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise agus a bhfuil moladh mór faighte aige i bhfad is i gcéin ó eisíodh níos luaithe i mbliana é, ar an ngearrliosta sa chatagóir ‘Fadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr’ ag Gradaim an Acadaimh a bheidh ar siúl i mí Mhárta na bliana seo chugainn.
Fógraíodh i mí Lúnasa na bliana seo go gcuirfeadh IFTA an scannán Gaeilge chun cinn don chatagóir agus bhí an deis ag baill an Acadaimh An Cailín Ciúin agus na scannáin eile a cuireadh chun cinn ó thíortha eile a fheiceáil agus a mheas le cúpla mí anuas.
Rachaidh an scannán ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile i próiseas ainmniúcháin na nOscar. Roghnóidh baill an Acadaimh cúig scannán as an gcúig cinn déag atá ar an liosta anois le cur ar aghaidh chuig Gradaim an Acadaimh a bheidh á reáchtáil in California ar an 12 Márta 2023.
“Tá ríméad orainn go bhfuil An Cailín Ciúin ar ghearrliosta an Acadaimh don Fhadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr agus táimid thar a bheith bródúil gurb é seo an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh don chatagóir. Lá stairiúil do scannáin Ghaeilge!
“Ní fhéadaimis teacht chomh fada seo gan tacaíocht dhochreidte Fís Éireann, TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ár ndáileoirí. Ba mhaith linn buíochas a ghabhail le hAcadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann freisin as a dtacaíocht agus a dtiomantas agus leis an lucht féachana a tháinig ina sluaite chun ár scannán a fheiceáil go dtí seo,” a dúirt Colm Bairéad a scríobh agus a stiúir an scannán.
Tá breis agus €1,000,000 saothraithe ag an scannán ag oifig na dticéad ó eisíodh é agus d’éirigh go han-mhaith leis ag na féilte scannán anseo in Éirinn, san Eoraip, agus níos faide i gcéin. Ba in Berlin na Gearmáine a taispeánadh an scannán den chéad uair i mí Feabhra agus thug lucht a dhéanta an chraobh leo i roinnt mhaith catagóirí gradam ansin.