‘An Cailín Ciúin’ go glórach glórmhar ag IFTA

Thug an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin an chraobh leis sa gcatagóir ‘An Scannán Is Fearr’ ag na Gradaim IFTA ag an deireadh seachtaine – an chéad uair a bhuaigh scannán Gaeilge an duais mhór i stair na ngradam.

Ba é an t-aisteoir Meiriceánach Chris Pine – a bhí i ról Captain Kirk sna scannáin Star Trek – a bhronn an gradam ar léiritheoir an scannáin Cleona Ní Chrualaoi ag an searmanas a craoladh ar Virgin Media One oíche Dé Sathairn.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil ocht ngradam IFTA buaite ag foireann An Cailín Ciúin, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Príomh-Aisteoir is Fearr san áireamh. Sáraíonn sé seo gach a raibh muid ag súil leis! Tá ríméad orainn dár bpríomhaisteoir, Catherine Clinch agus dár gcriú iontach.

“Is cúis mhór bhróid dúinn é gurb é seo an chéad uair a bhuaigh scannán Gaeilge sa chatagóir don Scannán is Fearr. Tá éacht déanta freisin ag ár scríbhneoir/stiúrthóir, Colm Bairéad a bhuaigh na gradaim, Stiúrthóir is Fearr agus an IFTA – Screen Ireland Rising Star araon. Is rud iontach stairiúil é an méid atá bainte amach ag an scannán. Ár míle buíochas do IFTA as na honóracha ollmhóra seo,” a dúirt sí.

Ocht ngradam ar fad a bronnadh ar An Cailín Ciúin: an gradam don Stiúrthóir is Fearr ar Cholm Bairéad; gradam don Aisteoir Mná is Fearr ar Catherine Clinch; an gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ar Kate McCullough; an gradam don Eagarthóireacht is Fearr ar John Murphy; an gradam don Dearadh Léirithe ar Emma Lowney; an gradam don Cheol is Fearr ar Stephen Rennicks; agus gradam an ‘Rising Star’ ar Cholm Bairéad.

Ainmníodh an scannán Gaeilge do dheich ngradam ag na Gradaim IFTA. Ainmníodh Foscadh agus Doineann do dhá ghradam freisin. Ainmníodh Dónall Ó Héalaí don Aisteoir is Fearr agus ainmníodh Cillian Ó Gairbhí don Aisteoir Tánaisteach is Fearr do Foscadh. Ainmníodh Peter Coonan dá ról sa phríomhpháirt in Doineann.

An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig. 

SCÉALTA EILE