Tá an chéad bhlaisÃn den scannán Arracht, a bheidh á thaispeáint den chéad uair ag deireadh na mÃosa seo in Tallinn na hEastóine, eisithe ag lucht a dhéanta.
Beidh an scannán nua Gaeilge, atá lonnaithe in aimsir an Ghorta Mhóir in iarthar na hÉireann, á thaispeáint mar chuid den fhéile scannán Black Nights (nó PÖFF mar a thugtar uirthi san Eastóin), mar a mbeidh 80,000 duine i láthair agus os cionn 250 scannán ar taispeáint. RoghnaÃodh Arracht le bheith san iomaÃocht i bprÃomhchomórtas na féile, an Grand Prix.
Dúirt stiúrthóir an scannáin, Tom Sullivan, gur athraigh an scannán a shaol agus gur mór an onóir dó go mbeifear á thaispeáint den chéad uair ag an mórfhéile idirnáisiúnta.
“Chuaigh dúthracht na foirne i gcion go mór orm agus, ach go háirithe, chuaigh tiomantas Dhónaill Uà Héalaà [duine de na haisteoirÃ] don phróiseas i gcion go mór orm féin agus ar an gcriú go léir.
“Foireann den chéad scoth a bhà agam, a raibh orthu troid in aghaidh stoirm Atlantach faoi thrà chun Arracht a chur i gcrÃch. Táimid ar fad ar bÃs an scannán a sheoladh sa chathair álainn, Tallinn, agus i measc scannánóirà iontacha eile,” a dúirt sé.
Lonnaithe in 1845 atá an scannán nua, dÃreach sular loiteadh an tÃr le linn an Ghorta Mhóir. Tugann an t-iascaire Colmán Sharkey foscadh agus dÃdean do strainséir, ar achainà sagairt. Tagann deartháir Cholmáin, an t-iarshaighdiúir Patsy, abhaile ón gcoigrÃoch dÃreach roimh thús an Ghorta, agus téann an bheirt fhear le himpà ar an tiarna talún gan an cÃos a ardú.
Is é an comhlacht Macalla Teo a léirigh Arracht le maoiniú ó TG4, FÃs Éireann, agus Údarás Craolacháin na hÉireann.