Oíche chéadtaispeána atá ann anocht ar TG4, a chairde.
Beidh Oidhche Sheanchai, an chéad scannán a raibh Gaeilge le cloisteáil ann riamh, le feiceáil ar an teilifís anocht den chéad uair ar 10in, tar éis Oíche Chaillte an tSeanchaí, clár faisnéise a insíonn scéal an scannáin a bhí ar iarraidh ar feadh breis agus 80 bliain.
Gearrscannán 12 nóiméad dubh agus bán é Oidhche Sheanchais a léiríonn an dóigh a gcaití oícheanta seanchais fadó in Árainn.
Cloistear píosa d’amhrán ag an tús agus feictear daoine cruinnithe cois teallaigh agus iad ag éisteacht le fear as an oileán, Seáinín Tom Ó Dioráin (thíos), atá i gcroílár an scannáin, i mbun scéalaíochta.
Ba é an dara scannán é a rinne ‘athair na faisnéise’, Robert J. Flaherty, ar a thuras go hÉirinn thiar in 1934.
Cé go raibh Gaeilge scríofa le feiceáil i roinnt scannán a rinneadh tar éis gur bunaíodh an stát, ba é Flaherty, stiúrthóir an ghearrscannáin iomráitigh Man of Aran, an chéad duine le scannán a dhéanamh a raibh Gaeilge le cloisteáil ann.
Ag labhairt le NÓS di, dúirt Deirdre Ní Chonghaile, a bhí bainteach leis an ghearrscannán a thabhairt chun solais agus leis an chlár faisnéise, gur scannán ceannródaíoch é Oidhche Sheanchais.
“Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, ní dóigh liom go raibh deis mar é ann. Bhí iarracht mhór ag baint leis an rud a tharraingt le chéile. Ní hamháin gur scéal eisceachtúil é ach tá sé ceannródaíoch freisin,” ar sí.
“Seoid í i stair na scannánaíochta, na Gaeilge agus an bhéaloidis. Tá sé fiú spéisiúil agus muid ag breathnú ar oidhreacht Robert J. Flaherty.
“Is cinnte go gcuirfidh sé tús le comhráití nua faoi shaothar Flaherty.”
Roimh an scannán, ag 9.30in, craolfar clár faisnéise a chíorann cúlra an scannáin luachmhair seo chomh maith leis an tréimhse ceithre scór bliain a bhí sé ar iarraidh.
“Scéal bleachtaireachta is ea é. Tá mistéir i gceist leis. Bhí odyssey d’aistear ag an scannán ag teacht chun chun solais,” ar Deirdre.