An Fórsa Dorcha Abú!

Agus an scannán is úire i sraith Star Wars, The Force Awakens, le teacht amach Déardaoin, míníonn Micheál Mac an Bheatha dúinn cén fáth a raibh an ceart ag Vader agus a chairde agus ar thaobhaigh an chuid is mó againn leis an dream mícheart sa réaltra úd, i bhfad, i bhfad ar shiúl…


Tá ar a laghad ceann amháin de scannáin Star Wars feicthe ag 99% agaibh agus bhí 99% agaibh ar bís nuair a fuair an Rebel Alliance an lámh in uachtar ar an Impireacht sa deireadh.

An rud a deirim féin libh áfach ná gur thacaigh sibh 100% le sceimhlitheoireacht.

“Seafóid” a freagra a bheas agaibh is dócha ach dar liomsa go bhfuil sibh inchinn-nite ag blianta de bholscaireacht bhréagach de chuid na sceimhlitheoirí, an dream sin a thugann ‘Reibiliúnaigh’ orthu féin, mar dhea.

Ach abair liom, an raibh mandáid dhaonlathach ag na trodairí?

Is é an freagra simplí air sin ná nach raibh.

An raibh mandáid dhaonlathach ag an Impire Palpatine, go ndéana an Fórsa (an dá thaobh de) grásta dó?

Muise leoga bhí, agus ba láidir an mhandáid chéanna.

Nach gcuimhníonn libh an bualadh bos mór nuair a toghadh é mar Sheansailéir ar dtús agus ansin mar Impire?

Cinnte, níor reáchtáladh aon toghchán ina dhiaidh sin ach ní féidir a bheith ag súil leis an ghnáthphróiseas toghchánaíochta agus cogadh ar sceimhlitheoireacht ar siúl.

Déarfaidh cuid agaibh go raibh na Reibiliúnagh ag iarraidh ‘An tSeanPhoblacht’ a athbhunú arís ach ní daonlathas a bhí i réim lena linn sin.

Nach féidir leis na daoine is daille agaibh fiú a fheiceáil cé chomh lofa is a bhí an Phoblacht seo?

Lofa le caimiléireacht, le coiriúlacht, le sclábhaíocht.

Abair linn a ‘Reibiliúnaigh’, cad a rinne sibh chun deireadh a chur leis na droch-chleachtais seo?

Faic.

Gan trácht ar an chogaíocht shíoraí a bhí ann, le pláinéid ag iarraidh saoirse a bhaint amach ón ‘Lofalacht’ seo.

star-wars-death-star

Chuir an tImpire Palpatine deireadh leis an stát uafásach sin, bhain sé síochán amach, chuir sé deireadh leis an chaimiléireacht.

Chuir sé ord nua ar bun.

Agus ar a bharr sin ar fad TOGHADH an tImpire go daonlathach.

I bhfocail eile cuireadh deireadh leis an tSeanPhoblacht lofa ar bhealach daonlathach.

Ach bhí daoine áirithe ag iarraidh filleadh ar na seanlaethanta sin, agus caithfidh tú an cheist a chur ort féin cén fáth ar mhaith leo dul ar ais chuig an chóras úd?

Mar ba choirpigh agus ba chaimiléirí iad, sin an fáth.

Ba iad na ‘Rebels’ a ghníomhaigh go frithdhaonlathach, fiú sular fógraíodh an Impireacht go hoifigiúil.

Más daonlathaí thú a chreideann gur cheart go mbeadh dlí agus ord ann agus gur cheart nach mbeadh baint ar bith ag an Stát le creideamh, déan cinnte go gcuireann tú tú féin i mbróga shaighdiúirí na hImpireachta agus tú ag breathnú ar an Star Wars nua atá le heisiúint an tseachtain seo.

Na Jedi?

Ní raibh iontu ach dream cráifeach bunchreidmheach a bhí ag iarraidh a gcuid pisreoga a bhrú ar dhaoine eile.

Nach sin an cineál grúpa a mbíonn muid ag iarraidh coinneáil ar shiúl ó chumhacht pholaitiúil sa lá atá inniu ann?

Ba iadsan a bhí ag déanamh spiaireachta ar Sheansailéir Palpatine bocht agus ba iadsan a bhí sásta cumhacht polaitiúil a ghabháil, sular chuir an Seansailéir deireadh lena n-éirí amach i gcoinne an daonlathais.

Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur ghoid siad páistí óna dtuismitheoirí ionas gurbh fhéidir leo na daoine óga seo a thógáil ina Jedi lena gcuid bréag agus cleasanna.

Tugtar mí-úsáid páistí air sin de ghnáth.

Agus Skywalker, an sceimhlitheoir is mó!

Ba bhunúsaí creidmheach eisean a bhí ag iarraidh deireadh a chur le rialtas dlisteanach chun ‘ord nua’ Jedi a chur ar bun.

Ní amháin sin ach bhí Skywalker sásta comhoibriú le duine de na coirpigh is mó sa réaltra, an smuigléir Han Solo.

luke-leia-han

Abair liom, cad go díreach a bhí á smuigleáil ag an fhear seo?

Níor mhilseáin iad, bí cinnte de sin.

Nach raibh sé ag obair le Jabba an Hutt?

Créatúr gránna a choinnigh mná mar a bheadh madraí iontu agus a bheathaigh ollphéisteanna le daoine eile?

B’fhurasta a shamhlú gur daoine, sclábhaithe, a bhí á smuigleáil ag Solo nó drugaí b’fhéidir, go háirithe leis an spáslong bheag sin a bhí aige.

Agus an ‘Deathstar’, an t-ainm uafásach sin ar thug na Reibiliúnaigh ar an Stáisiún Cogaidh a scrios siad, faoi dhó.

Abair liom, cá mhéad duine a bhí air sin?

Cá mhéad oibrí soineanta?

Cá mhéad sibhialtach?

Cá mhéad teaghlach?

Damáiste chomhthaobhach, duine ar bith?

Bhí na Jedi sásta an Seansailéar Palpatine a mharú de bhrí gur Sith a bhí ann (sea, tagann an t-ainm ón Ghaeilge, ‘síth’ nó ‘síochán’).

Is fíor gur úsáideadh an Deathstar chun Alderaan a scriosadh – sea, fuair cuid mhaith sibhialtach bás san ionsaí sin – ach ná déan dearmad nach raibh aon údarás ag an Moff Mór Tarkin chun an t-ionsaí sin a dhéanamh agus go raibh dlúthbhaint ag an phláinéad seo le sceimhlitheoireacht agus le sceimhlitheoirí.

I ndeireadh na dála, is cuma cén casadh a chuireann Comhghuaillíocht na Rebiliúnach agus a cuid leantóirí ar an scéal, deir na fíricí ar fad gur éirí amach neamhdhleathach gan iarraidh a bhí ann agus, mar gheall ar a bolscaireacht, go bhfuil an mhórchuid agaibh ag taobhú leis an dream mícheart i gCogadh na Réaltaí.


Léigh léirmheas ar ‘Star Wars VII: The Force Awakens’ anseo.

SCÉALTA EILE