Tá aithne mhaith ag duine ar bith a d’fhás aníos sna 1980idí nó níos deireanaí ar Henry Jones Jr, nó Indiana Jones mar is fearr aithne air. An seandálaí gaisciúil a throid in aghaidh na Naitsithe, a shábháil na céadta gasúr i mianach san India, agus a d’aimsigh an Soitheach Naofa sa Tuirc sna 1930idí.
Ach an raibh a fhios agat gur in Éirinn a bhí Indy fiche bliain roimhe sin?
Eisíodh an chéad thriológ de scannáin Indiana Jones idir 1981 (Raiders of the Lost Ark) agus 1989 (The Last Crusade) agus ní fhacthas ar an scáileán mór arís é go dtí 2007 nuair a chuir Harrison Ford air a hata cáiliúil arís do The Kingdom of the Crystal Skull.
Idir an dá linn, áfach, insíodh scéalta Indy Óig ar an scáileán beag sa tsraith The Young Indiana Jones Chronicles a craoladh idir 1992 agus 1993. Sean Patrick Flannery a bhí sa bpríomhról sa tsraith seo a lean Indiana timpeall an domhain agus é ina fhear óg.
Chaith an t-eachtraí óg tréimhsí san Éigipt, san Impireacht Ostra-Ungárach, san India, sa tSín agus san Araib Shádach i measc áiteacha eile ag tús an chéid seo caite. Ach Seachtain na Cásca 1916, bhí Indy s’againne ar Shráid Uí Chonaill nuair a bhí sé ina chogadh dearg idir Arm na Breataine agus Óglaigh na hÉireann.
Ar an mbealach ó Mheicsiceo go London a bhí sé nuair a stop sé i gCóbh i gContae Chorcaí. Thaistil sé ar an ordóg go Baile Átha Cliath, áit ar chas sé leis an drámadóir Seán Ó Cathasaigh, agus an réabhlóidí óg Seán Lemass. D’fhógair Pádraig Mac Piarais an phoblacht le linn a chuairte agus ba ar éigean gur thug Indy na cosa leis! Féach anseo ar an mír seo ón gclár atá ar fáil ar YouTube:
Ba é an giolcaire Éireannach ‘Mick the Taig’ a thug an t-eagrán seo den tseansraith chun solais arís anocht.
Cant believe Indiana Jones fought in the Easter rising
— Mick the Taig (@IsMiseMick) 18 Eanáir 2019