An scannán is aeraí i mbliana?

Ciara Ní É tar éis an scannán úr i scéal Harry Potter, ‘Fantastic Beasts and Where to Find Them’, a fheiceáil sa phictiúrlann. Ar roinnt cúiseanna, braitheann sí gurb é an scannán is aeraí dá bhfaca sí i mbliana. Míneoidh sí anois cén fáth…

*AIRE – tá roinnt millteoirí san alt seo!


1. An Obscurial

FTB933_FBST_DTR4 0700.tif

Is cuid lárnach den phlota é go bhfuil fórsa draíochtúil éigin ag loiteadh na cathrach.

Mínítear dúinn níos déanaí gur obscurius atá á dhéanamh.

Nuair a dhéanann draoi nó bandraoi óg iarracht a c(h)uid cumhachtaí a bhrú faoi chois, iompaíonn siad ina obscurial.

Toisc nach n-úsáideann siad a gcuid cumhachtaí agus go séanann siad iad, tagann athrú orthu sa dóigh go bhfuil seilbh ag an draíocht orthu: tá siad mar óstach (host) ag an draíocht, atá mar a bheadh seadán (parasite) ina gcorp.

Déanann an obscurius damáiste dóibh siúd atá thart orthu, agus go minic faigheann an obscurial bás go hóg.

Go bunúsach, toisc nach bhfuil siad sásta glacadh leis an fhírinne fúthu féin, agus go gcuireann siad iad féin faoi cheilt, bíonn siad ag fulaingt.

Uaireanta déanann siad dochar marfach dóibh féin. Tá an chomparáid éasca le tuiscint!


2. Credence agus Graves

credence

Is dílleachta (orphan) é Credence – aka babe darb ainm Ezra Miller, atá ina babe fós fiú leis an mbearradh gruaige uafásach sin – a bhíonn ag streachailt leis an suim atá aige i ‘ndraíocht’.

Cónaíonn sé i ndílleachtlann agus is Second Salemer (duine atá go mór i gcoinne na draíochta) í an bhean a reáchtálann an áit.

Deir sí gur drochrud dána, mínádúrtha atá sa draíocht. (Hmm, n’fheadar céard eile faoina gcloistear sin go minic?)

Ach ina ainneoin sin, is spéis le Credence a bheith páirteach i saol na draíochta.

Bíonn caidreamh teasaí idir Credence agus an auror Graves, curtha i láthair ag Colin Farrell.

Bíonn Graves ag labhairt le Credence le heolas a fháil uaidh faoin obscurial, mar is dóigh le Graves gur sa dílleachtlann chéanna le Credence a chónaíonn sé.

An bhféadfaí a shéanadh gur caidreamh homa-earótach atá idir an bheirt seo? Buaileann siad le chéile i lánaí dorcha den chuid is mó.

FANTASTIC BEASTS AND WHERE TO FIND THEM

Agus bíonn siad ag tabhairt barróg dá chéile, agus ag amharc idir an dá shúil ar a chéile go muirneach (féach an príomhphic).

Ar ndóigh, ní mise amháin a fheiceann é seo. Tá go leor daoine á ship-eáil ar líne (ní gá ach “Credence and Graves” a chuardach ar YouTube go bhfeicfidh tú!)


3. Dumbledore agus Grindlewald

jonny

Tuigeann na daoine a bhfuil Harry Potter léite, agus athléite, acu go bhfuil scéal casta idir Dumbledore agus Grindlewald.

Dheimhnigh Rowling in 2007 go bhfuil Dumbledore aerach, agus in agallamh cúpla bliain ina dhiaidh sin dúirt sí gur grá éagmaiseach (absent love) a bhí i gceist le caidreamh Dumbledore agus Grindlewald.

Ní tharlaíonn mórán (léigh: aon rud) idir Dumbledore agus Grindlewald sa scannán seo, ach tá leideanna go leor ann – agus is leor nod don eolach!

Níorbh é seo ach an chéad chuid sa tsraith, agus táthar ag súil go bhfeicfear plé ceart ar an chaidreamh seo sna scannáin eile atá le teacht.


4. Saol rúnda

jacobs

Ag croílár an scéil tá triúr a bhfuil draíocht acu agus duine amháin nach bhfuil.

Foghlaimíonn an no-maj Jacob (thuas) go leor faoin saol draíochtúil a bhí ann i gcónaí, saol lán daoine spéisiúla mealltacha atá gléasta in éadaí den chéad scoth.

Caitheann Jacob cuid mhór den scannán ag déanamh aghaidheanna mar atá thuas.

Dála an scéil, nach i mála éadaí (cad é sin ach closet gur féidir a iompar?) a choinníonn Newt Scamandar na Fantastic Beasts?

Ag tráth amháin téann an no-maj Jacob isteach ann, é ag léim isteach i gceart sa saol eile.

jacob

Samhlaigh duine díreach agus é nó í amuigh le dream aerach den chéad uair, ag bualadh le roinnt cineálacha daoine nua nár thuig siad a bheith ar an domhan: chuirfeadh an duine sin Jacob i gcuimhne duit.

deireanach

Tá roinnt rudaí beaga eile ann is féidir a phiocadh amach ón scannán, ach sin na príomhphointí, dar liomsa.

Ar phioc duine ar bith agaibh suas ar rud ar bith eile nó an aontaíonn sibh liom ar chor ar bith? Ba dheas liom bhur dtuairimí a chloisteáil! @MiseCiara

SCÉALTA EILE