Tháinig Steve McQueen chun cinn ar dtús sa mbliain 2008 leis an scannán Hunger a thug cos isteach do Michael Fassbender, agus níl drochscannán déanta aige ó shin. Ar nós Christopher Nolan, tagann méid áirithe brú le chuile scannán maith a dhéanann sé, agus bítear ag súil le caighdeán ard uaidh. Go dtí seo, is i bhfeabhas a bhí sé ag dul. Ach tar éis a scannáin dheireanaigh 12 Years A Slave, a bhuaigh Oscars thall agus thart air, shíl mé nach bhféadfadh sé é a shárú lena scannán nua, Widows. Ach bhí mé mícheart. Is é Widows an scannán is fearr atá déanta ag Steve McQueen.
Tá éacht déanta aige leis an scannán seo faoi bhaintreacha coirpeach agus iad ag iarraidh robáil a dhéanamh ar son a bhfear céile, nach maireann. Ar an gcéad dul síos, tá an aisteoireacht thar cionn. Ceapaim go bhfuil Daniel Kaluuya ar dhuine de na haisteoirí is fearr atá ann faoi láthair, agus tá sé iontach anseo mar mhaistín foréigneach ag bagairt ar chuile dhuine a thagann trasna air. Tá Elizabeth Debicki feicthe agam uair amháin cheana sa scannán Guardians Of The Galaxy Vol. 2 ach tá sí ar leibhéal eile anseo.
Ó thaobh na nÉireannach de, tá Colin Farrell agus Liam Neeson sa scannán seo, agus cé go bhfuil sé aisteach an bheirt acu a fheiceáil ag labhairt i gcanúint Mheiriceánach lena chéile, tá siad an-mhaith, Neeson go háirithe. Is é an trua é go bhfuil Neeson ag déanamh níos mó scannáin mhóra aicsin na laethanta seo in áit scannán atá bunaithe ar charachtair láidre. Is aisteoir láidir é agus tá súil agam go ndéanfaidh sé níos mó scannán mar é amach anseo.
Ach ní féidir liom dul níos faide gan Viola Davis a lua. Tá sí dochreidte mar aisteoir, agus taispeánann sí a cumas sa scannán seo. Bhí mé tógtha go hiomlán léi i chuile radharc ina raibh sí, agus níl a fhios agam cén chaoi a ndearna sí é, ach tháinig feabhas ar aisteoireacht Neeson, Debicki, Farrell agus fiú amháin Kaluuya, nuair a bhí siad i radharc le Viola Davis. Is aisteoir den scoth í.
Ach táim cinnte gur éasca an rud é a bheith ag aisteoireacht i scannán atá scríofa agus stiúrtha ag Steve McQueen — scríobhadh na carachtair chomh maith sin, na radhairc chomh healaíonta agus an scéal chomh cliste. Fadhb atá agam le scannáin eile McQueen ná go raibh siad i bhfad róghruama, ach ní fhéadfá é sin a rá faoin scannán seo.
Tá sé dáiríre ach le nóiméid bharúla ann, tá sé lán teannais ach fós spraíúil agus mothúchánach gan a bheith rómhilis. Luaigh mé Christopher Nolan níos luaithe, agus ní comparáid é a dhéanaim go minic. Coinníonn an scéal i ngreim thú ó thús go deireadh, le neart cor agus castaí ann, agus le Hans Zimmer ag déanamh an cheoil, chuir sé The Dark Knight i gcuimhne dom go minic. Agus ní féidir liom moladh níos airde a thabhairt dó ná sin.