Ant-Man (12A)
Bunaithe ar charachtar cáiliúil ó shraith ghreannán de chuid Marvel, is é an Fear Seangáin, nó Scott Lang sa ghnáthshaol, laoch an scéil seo.
Armtha le culaith dhraíochta agus cumhachtaí speisialta an tseangáin, is faoi chúram Ant-Man (Paul Rudd) agus Dr. Hank Pym (Michael Doughlas) atá sé an domhan a shábháil ón olc.
Mar is dual do scannáin Marvel tá caidreamh daonna i gcroílár an aicsin agus feictear an bheirt chomrádaithe cróga mar aithreacha agus tugtar suntas don ghaol atá acu lena n-iníonacha, Hope Van Dyne (Evangeline Lilly) agus Cassie Scott (Abby Ryder Fortson).
Tá lucht leanúna Marvel ag méadú le gach iarracht, agus tá fáth leis.
Self/less (12A)
Scéinséir ficsean síceolaíochta ina ndéantar fear saibhir atá ag fáil bháis le hailse a choinneáil beo i gcorp fir óig shláintiúil.
Is é an sár-aisteoir Ben Kingsley atá mar cheann feadhna agus in éineacht leis tá an stócach Ryan Reynolds.
Stiúrtha ag Tarsem Sing – Indiach-Mheiricánach a tháinig i réim i dtús báire mar stiúrthóir ar fhíseáin cheoil R.E.M sna luath-nocháidí – geallann an scannán seo níos mó ná a thugann sé uaidh sa toradh deiridh leis an iomarca béime ar an aicsean bog seachas smaointe suimiúla na bunscripte.
The Gallows (15A)
Scéinséir scanrúil an uair seo ina mbeartaíonn daltaí scoile dráma a chur ar siúl bunaithe ar thimpiste thragóideach a tharla ar stáitse na scoile scór bliain roimhe.
Drochchinneadh is ea é.
Agus seans gur drochchinneadh é an scannán a dhéanamh sa chéad dul síos mar nach bhfuil ach 1/5 á shaothrú ag The Gallows ó mhórchuid na léirmheastóirí go dtí seo… teigh le Ant-Man má tá siamsa ceart pictiúrlainne uait an deireadh seachtaine mar sin!