Apples of the Golan

Anois agus arís tagann clár amach a fhaigheann greim ar do chroí agus ar d’intinn. Seo ceann acu.

Is sár-scannán faisnéise é ‘Apples of the Golan’ a insíonn scéal an bhaile Majdal Shams in Arda Golan, ceantar atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar chuid den tSiria ach atá faoi fhorghabháil Iosrael ó bhí 1967 ann.

Roimh Chogadh na Sé Lá i Meitheamh na bliana sin bhí 139 baile in Arda Golan. Inniu níl fágtha ach cúig cinn.

Cuireadh an ruaig ar níos mó ná 130,000 Arabach agus tá na daoine atá fós ina gcónaí ann gafa ina mbailte féin.

Scannánaithe thar chúig bliana ag na hÉireannaigh Keith Walsh agus Jill Beardsworth, agus bunaithe ar thaighde Ghearóid Uí Chuinn, leanann an clár gnáthshaol chónaitheoirí Majdal Shams agus tugtar léargas mothúchánach ar a n-eispéireas laethúil i gcríoch faoi fhorghabháil.

Briseadh croí, bás, céasadh, grá agus greann, tá sé ar fad le brath ó scéalta na ndaoine ar chaith foireann an chláir am leo.

Tá gné an-phearsanta ag baint leis an scannán ó thús deireadh agus muid ag cur aithne ar rapairí, rinceoirí salsa, fir naofa, brathadóirí agus trodairí saoirse, agus ag fáil amach conas a théann an fhorghabháil i bhfeidhm ar a saol.

Ag croí an phobail tá na crainn úll a thugann slí bheatha do go leor de bhunadh na háite agus a fhréamhaíonn iad leis an talamh arb as dóibh.

Stair chasta é scéal Arda Golan ach insítear é go fíneálta agus ar an iomlán faightear spléachadh luachmhar ar dhream daoine a bhfuil teacht aniar agus meanma dhochloíte acu.


Cuirfear tús le ‘Apples of the Golan’ san IFI i mBaile Átha Cliath ar 16 Eanáir. Is féidir ticéid a cheannach ó Dé Luain 12 Eanáir.

SCÉALTA EILE