‘Arracht’ le taispeáint i bpictiúrlanna an mhí seo chugainn

Beidh an fadscannán Gaeilge Arracht ar taispeáint i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh an mhí seo chugainn. Beidh an scannán le feiceáil ar an scáileán mór i bPictiúrlann an Tí Solais i Margadh na Feirme agus i bPictiúrlann an Pháláis i lár chathair na Gaillimhe ar an 15 Deireadh Fómhair.

Taispeánadh an scannán faoin nGorta Mór den chéad uair in Éirinn ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath 2020 i bPictiúrlann an Tí Solais. Díoladh iomlán na dticéad don taispeántas sin agus moladh an scannán go mór ann. Bhuaigh Arracht dhá ghradam ag Gradaim an IFTA ag deireadh na bliana seo caite agus cuireadh chun cinn é do ghradam de chuid na nOscar i Meiriceá. Bhuaigh sé gradam eile ag Féile Scannán Ghlaschú agus cúig ghradam ag an bhFéile ‘American Golden Picture’.

Lonnaithe in 1845 atá an scannán nua, díreach sular loiteadh an tír le linn an Ghorta Mhóir. Tuigeann an t-iascaire Colmán Sharkey foscadh agus dídean do strainséir, ar achainí sagairt. Tagann deartháir Cholmáin, an t-iarshaighdiúir Patsy, abhaile ón gcoigríoch díreach roimh thús an Ghorta, agus téann an bheirt fhear le himpí ar an tiarna talún gan an cíos a ardú.

Is é Arracht an dara scannán a rinneadh faoin céim scannán ‘Cine4’ atá á mhaoiniú TG4, BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. Is é an chéad scannán a stiúir Tomás Ó Súilleabháin, a dúirt gur “athraigh an scannán [a] shaol”.

“Chuaigh dúthracht na foirne i gcion go mór orm agus, ach go háirithe, chuaigh tiomantas Dhónaill Uí Héalaí [duine de na haisteoirí] don phróiseas i gcion go mór orm féin agus ar an gcriú go léir. Foireann den chéad scoth a bhí agam, a raibh orthu troid in aghaidh stoirm Atlantach faoi thrí chun Arracht a chur i gcrích,” a dúirt sé.

Beidh an scannán á thaispeáint “ar feadh coicíse ar a laghad” ón 15 Deireadh Fómhair sa dá phictiúrlann i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

SCÉALTA EILE