‘Arracht’ le taispeáint in London an mhí seo chugainn

Beidh an scannán Arracht á thaispeáint mar chuid d’Fhéile Scannán Éireannach London an mhí seo chugainn. Beidh an dráma Gaeilge atá suite in aimsir an Ghorta Mhóir le feiceáil Dé Céadaoin an 17 Samhain san ionad ealaíon Riverside Studios. Is é Arracht an chéad scannán a thaispeánfar mar chuid den Fhéile Scannán, a chuireann scannáin Éireannacha chun cinn i bpríomhchathair Shasana.

Taispeánadh Arracht den chéad uair in Tallinn na hEastóine sa bhliain 2019. Taispeánadh den chéad uair in Éirinn é mar chuid d’Fhéile Scannán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra na bliana 2020, ach chuir scaipeadh an víris chorónaigh tríd an tír moill mhór ar an bplean é a thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre. Taispeánadh ag féilte áirithe scannán timpeall na cruinne é le bliain anuas, Féile Scannán Bhéal Feirste ina measc. Tá sé sna pictiúrlanna in Éirinn le coicís anuas agus an-rath go deo air.

Beidh stiúrthóir an scannáin, Tomás Ó Súilleabháin, i láthair ag an taispeántas in London le ceisteanna ón lucht féachana a fhreagairt.

Bhuaigh Arracht dhá ghradam ag Gradaim an IFTA ag deireadh na bliana seo caite agus cuireadh chun cinn é do ghradam de chuid na nOscar i Meiriceá. Bhuaigh sé gradam eile ag Féile Scannán Ghlaschú agus cúig ghradam ag an bhFéile ‘American Golden Picture’.

Lonnaithe in 1845 atá an scannán nua, díreach sular loiteadh an tír le linn an Ghorta Mhóir. Tuigeann an t-iascaire Colmán Sharkey foscadh agus dídean do strainséir, ar achainí sagairt. Tagann deartháir Cholmáin, an t-iarshaighdiúir Patsy, abhaile ón gcoigríoch díreach roimh thús an Ghorta, agus téann an bheirt fhear le himpí ar an tiarna talún gan an cíos a ardú.

Is é Arracht an dara scannán a rinneadh faoin céim scannán ‘Cine4’ atá á mhaoiniú TG4, BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. Is é an chéad scannán a stiúir Tomás Ó Súilleabháin, a dúirt gur “athraigh an scannán [a] shaol”.

“Chuaigh dúthracht na foirne i gcion go mór orm agus, ach go háirithe, chuaigh tiomantas Dhónaill Uí Héalaí [duine de na haisteoirí] don phróiseas i gcion go mór orm féin agus ar an gcriú go léir. Foireann den chéad scoth a bhí agam, a raibh orthu troid in aghaidh stoirm Atlantach faoi thrí chun Arracht a chur i gcrích,” a dúirt sé.

Is féidir ticéad don taispeántas in London a chur in áirithe anseo.

SCÉALTA EILE