Bainne gorm aon duine?

Beidh a fhios ag duine ar bith a chónaíonn an taobh seo de Tatooine gurb é inniu Lá Star Wars.

Roghnaítear 4 Bealtaine gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhórshraith ficsean eolaíochta mar, i mBéarla, is imeartas focal é ‘May The 4th Be With You’ ar an fhrása is clúití ó na scannáin.

Ba mhaith linne ag NÓS páirt a ghlacadh sa spraoi ar fad mar sin tá muid ag cur oideas ar fáil inniu do cheann de na sólaistí is mó a bhfuil an tóir air sa réaltra: bainne gorm.

Tháinig an deoch suimiúil sláintiúil seo chun cinn ar dtús sa chéad scannán, Star Wars: A New Hope, siar in 1977 nuair a chonaic muid uilig Luke Skywalker á shlogadh siar i dteach a uncail agus aintín, Owen agus Beru Lars.

Bainne de chuid an beithígh, an Bantha, é an bainne blasta seo ach ar an ábhar go bhfuil sé deacair theacht orthu anseo in Éirinn, tá treoracha anseo thíos a chuirfidh ar do chumas an deoch a dhéanamh duit féin sa bhaile.

Bainigí sult as, agus go raibh an Fórsa libh… i gcónaí.


Bainne Gorm

Comhábhair:
1-1/2 cupán lánbhainne
1 spúnóg mhór siúcra
½ spúnóg bheag fanaile
Dornán fraochán gorm nó ruaim ghorm bhia


Measc an bainne, siúcra agus fanaile le chéile.

Nuair atá an siúrca leáite, cumaisc na fraocháin chun an dath gorm a chur isteach ann. Muna bhfuil an gorm láidir go leor, is féidir ruaim (dath) bhia a úsáid chomh maith.

Coinnigh sa chuisneoir é agus ól!

SCÉALTA EILE