An cheist is sine i stair ár linne: Batman nó Superman, cé acu is fearr?
Sa deireadh thiar thall, beidh freagra críochnúil againn, nach mbeidh?
Ar an drochuair, is cúis imní é gur ceist eile ar fad a spreagann Batman v Superman.
Gan amhras, tá na comhábhair ar fad ann atá de dhíth le scannán breá ‘sárlaoch’ a chruthú.
Tá Batman againn. Tá Superman againn.
Níl ganntanas pléascanna ná radharc troda ann.
Bíonn cath ann idir an mhaith agus an t-olc.
Cad é eile a bheadh uainn?
Ag déanamh páirte Batman tá Ben Affleck, agus i dtaca liomsa de, tá sé níos fearr ag léiriú an róil ná mar a bhí Christian Bale i dtriológ The Dark Knight.
Leagan níos gránna de Batman a thugann sé dúinn; fonn an fhoréigin air, agus faghairt feirge ina shúile ón tús.
Ó thaobh Superman de, tá Henry Cavill ar ais arís – é chomh hantoisceach is a bhí i Man of Steel (réamhscéal an scannáin seo).
Thig leis cuma láidir chróga ‘fhearúil’ a chur air féin, ach níl sé soiléir ó bheith ag amharc ar Batman v Superman go bhfuil aon chumas aisteoireachta ann.
Ar ndóigh, ní iontas ar bith é ón teideal go leagtar an scéal amach ar bhealach a chuireann Batman agus Superman in adharca a chéile.
Ag croílár an phlota (atá casta i gceart) tá Lex Luther, eolaí óg.
Eisean a nascann snaidhmeanna an scéil le chéile, agus tá a pháirt léirithe go maith ag Jesse Eisenberg.
D’fhéadfainn díriú ar an cheol agus ar na radhairc ollmhóra atá an-éifeachtach ar an scáileán mhór; ar an phlota ina bhfuil barraíocht mionscéalta, rud a fhágann nach bpléitear le ceann ar bith acu go cuimsitheach maith; nó fiú ar an iomarca cheddar atá ann ó thús deireadh (cosúil le go leor de scannáin na ‘sárlaochra’).
B’fhearr liom díriú ar an chéad radharc, áfach.
Ag an fhíorthús, tchíonn muid eachtrannach ag déanamh ionsaithe ar chathair Mheiriceánach.
Tá muid i gcroílár cathrach, macasamhail Nua-Eabhrac, atá faoi ionsaí ón spéir.
Gach áit ar an scáileán tá foirgnimh, le daoine iontu, ag titim go talamh.
Feictear brúisc daoine i measc na bpléascanna ar fad, agus tonnta deataigh ag plúchadh na háite.
Is i rith an túis sin a chuirtear an síol as a bhfásann gráin Batman do Superman.
Ach tá níos mó ná sin i gceist, mar go gcuirfidh an radharc sin 9/11 i gcuimhne duit láithreach.
Is cuma cé acu a rinneadh seo de thaisme, nó nach ndearnadh, tá an éifeacht chéanna aige: sa lá atá inniu ann, leis an díospóireacht faoin sceimhlitheoireacht chomh géar sin, agus Donald Trump chomh rathúil is atá sé, tá cumhacht nach beag ag a leithéid de radharc.
Fiú amháin tchíonn muid spásárthaí ag eitilt trí fhoirgnimh agus á leagan.
Agus sa chéad radharc eile, cá bhfuil muid ach i mbaile beag gainmheach, áit a mbuaileann muid le sceimhlitheoirí a bhfuil tuáillí á gcaitheamh timpeall a n-aghaidheanna acu.
Ar an aimsir seo, tá borradh faoin eagla roimh Mhoslamaigh san Iarthar, agus is féidir go gcuirfidh Batman v Superman lena leithéid d’eagla.
An sampla thuas an sampla is soiléire den rud atá i gceist agam, ach ní hé an t-aon sampla é.
Déanta na fírinne, tá an t-aicsean corraitheach, tá an ceol go hiontach, is tá iontas nó dhó ann a chuireann go mór leis mar scannán.
Ach ina dhiaidh sin is uile, an rud a bhí ag dó na geirbe agam is mé ag imeacht ón phictiúrlann ná go gcuirfeadh Batman v Superman leis an eagla atá le brath sa domhan thiar.
Agus is trua sin nó b’fhearr liom i bhfad bheith gafa le seancheist ár linne: cé acu is fearr, Batman nó Superman?