Ní théim le breathnú ar aon scannán agus fuath i mo chroí ag súil go mbeidh sé go dona. Mar sin féin, nuair a cheannaigh mé ticéad le haghaidh Rampage, ní raibh mé ag súil le scannán ar comhchaighdeán le Citizen Kane. Ní raibh mé fiú ag súil le scannán ar comhchaighdeán Transformers nó scannán éigin eile de chuid Michael Bay. Bhí mé ag súil le rud éigin ar an dul céanna le Sharknado nó rud éigin mar é, agus bheinn sásta leis sin. Scannán dúr, ach le beagán spraoi ag baint leis, aicsean áiféiseach ann, agus ceann nach dtabharfainn an dara smaoineamh dó arís.
Ach caithfidh mé a rá gur chuir Rampage ionadh orm, mar ní hamháin nach raibh sé chomh maith le Citizen Kane ná Transformers, ní raibh sé chomh maith le Sharknado féin.
Tá fios agam i gcás scannáin mar seo, ní hé an scéal an chloch is mó ar an bpaidrín, ach fiú amháin agus é sin i mo chuimhne, níl ciall ná réasúin leis mar scannán. Ar fáth éigin, tá comhlacht ag forbairt foirmle le hainmhí a dhéanamh níos mó agus níos trodaí ar stáisiún spáis. Téann rudaí in olcas, agus scriostar an chuid is mó den fhoirmle, seachas trí cheanastar a thiteann ón Spás agus a thagann i dtír in áiteanna éagsúla i Meiriceá.
Tagann ceann anuas ar ghoraille i San Diego in áit ina bhfuil an saineolaí goraille Davis Okoye (Dwayne Johnson) ag obair agus, i ndáiríre, níl mé ag iarradh níos mó cur síos a dhéanamh ar an scéal mar tá sé ag cur saighleam orm a bheith ag cuimhneamh siar air.
Is cuma liom má tá an coincheap agus an scéal amaideach a fhad is atá mé in ann spraoi a bhaint as an scannán, ach níl spraoi ar bith anseo. Níl sé barrúil, agus bíonn chuile dhuine chomh dáiríre sin sna háiteanna is aistí. Is maith liom Dwayne “An Chloch” Johnson freisin, agus ceapaim gur duine mealltach, cumasach é, a bhfuil eitic oibre iontach aige, ach ceapaim gur amadán amach agus amach a charachtar sa scannán seo. Go deimhin, bhain an stiúrthóir éacht amach anseo mar chruthaigh sé an chéad scannán atá feicthe agamsa riamh ina raibh an ghráin agam ar chuile charachtar ann.
Fiú amháin na hainmhithe CGI. Ón gcúpla amaideach a chruthaigh an fhoirmle chuig an mbeirt ‘laochra’ atá ag iarraidh an domhan a shábháil, níl tréith mhaith nó shuimiúil eatarthu. An t-aon ghné den scannán seo a bhain mé taitneamh as ná an léiriú a thug Jeffrey Dean Morgan. Bhí an chuma air go raibh fios aige go maith cé chomh dúr is a bhí chuile ghné dá charachtar agus den scannán ach a bhain taitneamh as sin, agus as an méid airgid a dhéanfaidh sé as seo.
Bhí an t-ádh orm dhá scannán eile a fheiceáil an tseachtain seo, A Quiet Place agus Thoroughbreds, agus bhí mé idir dhá chomhairle léirmheas a scríobh ar an bpraiseach seo ar chor ar bith, ach sa deireadh shíl mé go raibh dualgas orm, mar tá go leor daoine tar éis airgead a chaitheamh air cheana agus bhris sé sin mo chroí.
Mura bhfuil sé feicthe agaibh, ná déan é. Tá scannáin mhaithe eile amuigh faoi láthair, tá The Avengers ag teacht an tseachtain seo chugainn dóibh siúd atá ag iarradh scannán mór glórach, agus tá Thoroughbreds, A Quiet Place agus You Were Never Really Here sna pictiúrlann dóibh siúd nach bhfuil. Agus mura bhfuil suim agaibh i gceachtar acu sin, tá Sharknado ar Netflix.