Bhí díomá orm nach raibh ‘The Delinquent Season’ níos fearr

15 bliain ó shin, tháinig an scannán Intermission amach in Éirinn. Scannán barrúil, dorcha a bhí ann, faoi charachtair éagsúla i mBaile Átha Cliath, a raibh aisteoirí Éireannacha den scoth ann, agus iad i mbarr a réime. 

Is aoibhinn liom an scannán sin, mar is féidir liom breathnú arís agus arís eile air, agus taitneamh a bhaint as fós, agus baineann go leor de sin leis an script a scríobh Mark O’Rowe. 

Níor cuireadh amú aon líne sa script, agus tháinig siad ó bhéal na gcarachtar go nádúrtha agus go bríomhar. Is é Mark O’Rowe a scríobh agus a stiúir an scannán nua Éireannach The Delinquent Season, agus is oth liom a rá nach bhfuil sé leath chomh maith le Intermission. Go deimhin, cé go bhfuil an dá scannán lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ó thaobh luais, stíle, scéil agus carachtar de, shílfeá gur lonnaithe ar dhá phláinéad difriúil a bhí siad. 

Is í an script bun agus barr na bhfadhbanna sa scannán seo. Tá an scéal féin simplí go maith, cé go raibh sé beagáinín cliché. Leanann an scéal ceithre lánúin phósta atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath, Jim (Cillian Murphy) atá pósta le Danielle (Eva Birthistle), agus Yvonne (Catherine Walker) atá pósta le Chris (Andrew Scott), agus na fadhbanna a thagann aníos de bharr blianta a chaitheamh leis na daoine céanna. Níl mórán ansin, ach beidh a fhios ag formhór agaibh cá dtéann an scannán uaidh sin. Tá na téamaí céanna feicthe againn míle uair cheana, i ndrámaí agus i scannáin le na blianta. 

Mar sin féin, bheadh The Delinquent Season togha, dá mba é an scéal an t-aon rud a bhí mícheart leis. Bhí scéal beagán cliché ag Ladybird agus níor chuir sé as dom an oiread sin, agus bhí na téamaí céanna sa scannán Loveless agus thaitin an scannán sin go mór liom. An fhadhb is mó atá agam leis an scannán seo ná nár chreid mé focal a dúirt carachtar ar bith. 

Níl aon locht ar na haisteoirí anseo. Rud amháin a thóg mé as seo, ná go bhfuil an oiread aisteoirí Éireannacha ag obair faoi láthair a bhfuil cumas ar leith acu, ach le bheith fireannach ní mórán a bhí ceachtar acu in ann a dhéanamh leis na línte a tugadh dóibh sa scannán seo. Beirt a sheas amach dom ná Eva Birthistle agus, dar ndóigh, Cillian Murphy. Bhain siad éacht amach réalachas a thabhairt do na carachtair seo, agus thaitin na radhairc a raibh an bheirt acu ann le chéile go mór liom. Ach ag an am céanna, ba bheag nár gháir mé as ard níos mó ná uair amháin agus mé ag féachaint ar aghaidh bhocht Murphy agus é ag streachailt leis línte nach ndéarfadh aon duine beo riamh. 

Ní drochscríbhneoir é Mark O’Rowe ar chor ar bith, níl ort ach féachaint ar na scannáin eile atá scríofa aige, agus a chuid drámaí, leis an méid sin a thuiscint, ach níl aon dabht faoi ach nach bhfuil an scannán seo scríofa go maith. Dúirt cara liom gur shíl sí go n-oibreodh sé ar stáitse níos fearr ná ar scáileán,  agus aontaím léi, má scríobhann O’Rowe dréacht nó dhó eile ar dtús. Bhí díomá orm nach raibh The Delinquent Season níos fearr, ach mar sin féin, creidim go stiúrfaidh O’Rowe scannáin eile níos fearr amach anseo, agus go ndéanfar dearmad ar an gceann seo.

SCÉALTA EILE